Teilifís na Gaeilge ar an aer
31 Deireadh Fómhair 1996
I 1993, mar thoradh ar bhrú ón bpobal trí fheachtas fada a lean breis is 20 bliain, bheartaigh an Rialtas stáisiún teilifíse Gaeilge nua a bhunú. Lonnaíodh Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ag an am, i mBaile na hAbhann Co. na Gaillimhe, agus thosaigh an tseirbhís craolacháin ar an 31 Deireadh Fómhair 1996.