Lá Dearg 2022
21 Bealtaine 2022
Bhí lá stairiúil againn ag an Lá Dearg 2022 i mBéal Feirste ar an 21ú Meitheamh 2022. B’ionann an Lá Dearg agus an mórshiúl Gaeilge is mó ar an oileán seo ó thaobh na Gaeilge de agus bhailigh Gaeil ó fud fad na cruinne ag an Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich agus iad ag caitheamh #dearg mar chomhartha dlúthpháirtíochta leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.