Saor-aistritheoirí agus saor-athbhreithneoirí Gaeilge / Freelance Irish Translators and Revisers
Tá foireann ghairmiúil ardfheidhmíochta de theangeolaithe Gaeilge ag Context, agus tá borradh ag teacht ar an bhfoireann sin i rith an ama. Tá deiseanna iontacha ar fáil againn san iliomad réimsí (m.sh. oideachas agus na healaíona), agus sna conarthaí atá againn le heagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta araon.
Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn, agus cuireann sé lúcháir orainn i gcónaí a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do theangeolaithe Gaeilge ina ngairmréimeanna. Cuirimid an-bhéim ar aire mhaith a thabhairt do na daoine a n-oibrímid leo. Cuirimid oiliúint ar fáil i dtaobh ár gcuid uirlisí, sreafaí oibre agus próiseas lena chinntiú go mbíonn gach rud is gá agat chun tosú ag obair linn.
Na scileanna agus na hinniúlachtaí ábhartha:
- Cáilíocht i léann an aistriúcháin nó 2 bhliain nó níos mó de thaithí ar a bheith ag obair mar aistritheoir/athbhreithneoir
- B’fhearr go mbeadh taithí agat ar uirlisí CAT (memoQ) a úsáid
- Inniúlacht taighde
- Cur amach ar shreafaí oibre aistriúcháin agus athbhreithnithe
- Ba bhuntáiste creidiúnú Fhoras na Gaeilge a bheith agat ach níl gá leis
Is féidir iarratais a chur isteach trínár suíomh gréasáin: https://webapps.context.ie/va/
Féach an méid atá le rá ag roinnt dár dteangeolaithe maidir lena bheith ag obair linn:
– “Bhí sé go hálainn a bheith ag obair le foireann atá chomh cairdiúil agus cabhrach agus aontaím gur dócha go bhfuilimid níos cóngaraí anois mar gheall ar an bpaindéim agus go raibh orainn dul i ngleic leis na deacrachtaí agus athruithe a ghabhann léi le chéile”.
– “Mar shaoraistritheoir, tá sé go hiontach a bheith in ann brath ar thacaíocht daoine eile, na Bainisteoirí Tionscadal agus ar an dtacaíocht theicniúil”.
– “Tá mé ag obair le 20 bliain anuas nó mar sin agus is é seo an chéad am atá obair leanúnach agam agus atá teagmháil leanúnach mar seo agam le cliaint agus le foireann, is foireann a reáchtálann cruinnithe. Cé gur féidir leis an obair aistriúcháin féin a bheith sách dúshlánach, táim ag baint an-sult as.”
~
Context’s team of high-performing professional Irish translators continues to grow. We have exciting opportunities to offer across a variety of domains (e.g, legislation, education and the arts) with both national and European organisations.
Irish linguistic skills are valuable to us, and we are always delighted to be supporting Irish linguists in their careers. We place huge emphasis on taking good care of the people we work with and provide training on our tools, workflows and processes, giving you all you need to begin working with us.
Relevant skills and competences:
- Qualification in translation studies or 2+ years of experience working as a translator/reviser
- Experience using CAT tools (memoQ) is preferred
- Research competence
- Familiarity with translation and revision work flows
- Foras na Gaeilge accreditation is advantageous, but not required
Applications can be submitted via our website: https://webapps.context.ie/va/