Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Riarthóir Ábhair. I gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh an té a cheapfar lonnaithe agus beidh sé freagrach don Bhainisteoir Coimisiúnaithe.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Tuilleadh anseo
