Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Ros Muc
15 Bealtaine 2026
Téarma Seasta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Ros Muc, Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe H91F3FX.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar ag tosú i mí Mheán Fómhar 2026.
Ráta Pá €18.00 – €20.50 in aghaidh na huaire ag brath ar an bpost & cáilíochtaí.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 15/05/2026.
Tuilleadh anseo

