Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Taibhealaíon Chonnacht

18 Márta 2026
Buan

TEIDEAL: Oifigeach Taibhealaíon Chonnacht
GRÁD: Ardoifigeach Feidhmiúcháin
SCÁLA TUARASTAIL: €54,764 – €68,970 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
RÉIGIÚN: Connacht
LÁTHAIR OIBRE: Ó chian / Oifig an Oireachtais, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe.

AN FHÍS ‘Ealaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre; go mbeidh rochtain ag gach cleachtóir ar chonair shealbhaithe agus forbartha na gcleachtas éagsúla d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon sin; agus go mbeidh léirithe á gcur ar fáil don phobal go rialta.’

RÁITEAS MISIN ‘Na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a cheiliúradh, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus lánfhásta lena gcleachtas ealaíon pearsanta féin a fhorbairt; le bheith rannpháirteach i dtionscadail ealaíon pobail agus sainiúla; agus le pobal freastail leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú go réigiúnach agus go náisiúnta.’

PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ

  • Clár Oibre aontaithe a chur i bhfeidhm i gCúige Chonnacht bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta;
  • Cainéil Chumarsáide a bhunú le tacaíocht a thabhairt do chleachtóirí nua sna healaíona teangabhunaithe chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú cheana féin, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta de dhaoine aonair, d’eagraíochtaí ealaíon, d’eagraíochtaí pobail, de chumainn & de chompántais drámaíochta, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, institiúid ardoideachais, leabharlanna & ionaid ealaíon;
  • Cláir oiliúna ealaíon, tionóil agus féilte ar bhonn réigiúnach a eagrú;
  • Tionóil drámaíochta a reáchtáil a fheidhmeoidh mar áis oiliúna agus gréasánaíochta araon agus a bheidh dírithe ar chompántais drámaíochta nuabhunaithe/athbhunaithe;
  • Deiseanna agus tacaíochtaí chur ar fáil do chleachtóirí na n-ealaíon teangabhunaithe Gaeilge agus a bheith lánpháirteach i bhforbairt tacair uirlisí & acmhainní ar líne do na cleachtóirí sin;
  • Feasacht a ardú maidir le scéimeanna deontais & sparánachtaí na heagraíochta;
  • Comhpháirtíochtaí réigiúnacha a fhorbairt chun na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil do chleachtóirí aonair, do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí éagsúla chomh maith le pobal freastail a chothú do léirithe poiblí na n-ealaíon sin.
    Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.

TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA

  • Cáilíocht ealaíne aitheanta nó taithí oibre nach lú ná 3 bliana in earnáil na n-ealaíon;
  • Eolas ar chleachtais taibhealaíon éagsúla;
  • Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge;
  • Sárscileanna pleanála, eagrúcháin agus cumarsáide;
  • Feasacht ar pholasaithe agus ar straitéisí um fhorbairt ealaíon teangabhunaithe;
  • Ceadúnas tiomána glan.

INNIÚLACHTAÍ

  • Scileanna ceannaireachta;
  • Cur chuige tionscnaíochta;
  • Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide;
  • Bainistíocht agus Baint Amach Torthaí;
  • Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt;
  • Treallús & Tiomantas do chur chun cinn na dTaibhealaíon Teangabhunaithe Gaeilge.

PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist a chur i gcrích.

Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.

Seol iarratas mar aon le CV, roimh 18 Márta 2026, chuig: poist@antoireachtas.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta