Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Seirbhísí Teicneolaíocht Faisnéise

12 Nollaig 2025
Téarma Seasta

Post ar Chonradh Sainchuspóra – 1 bhliain

Beidh an tOifigeach Seirbhísí TF freagrach as oibriú laethúil chórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide in Údarás na Gaeltachta agus as aon teagmhais nó fadhbanna a bhaineann leo a réiteach chomh tapaidh agus is féidir nuair a tharlaíonn siad.

Beidh an ról freagrach freisin as tacaíocht a thabhairt don Líonra Digiteach (gTeic) agus tacú le tionscadail theicniúla nuair atá siad ar bun, ar nós forbairt na hIntleachta Saorga don Ghaeilge, agus aon tograí TF eile.

Beidh sé/sí freagrach as cothabháil leanúnach a dhéanamh ar chórais chrua-earraí, córais bhogearraí oibriúcháin, bunachair sonraí, agus an bonneagar gaolmhar chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm agus go gcomhlíonann siad polasaithe agus caighdeáin TFC.

Glacfidh sé/sí páirt i dtionscadail trí chomhairle theicniúil a roinnt le feidhmeanna eile agus téann i dteagmháil le soláthraithe seachtracha agus comhairleoirí chun córais nua a chur i bhfeidhm.

Déan teagmháil le: seamus@daltun.ie

Spriocdháta d’iarratais: 12 Nollaig 2025 16:00

Tuilleadh eolais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta