Oifigeach Seirbhísí
30 Eanáir 2026
Buan
Beidh na dualgais seo a leanas i gceist le ról an Oifigigh Seirbhísí sa Roinn:
- Déileáil leis an bpobal ag an bhfáiltiú agus ar an nguthán;
- Monatóireacht a dhéanamh ar dheisiúcháin agus ceisteanna comhchosúla agus iad a logáil le hOifig na nOibreacha Poiblí agus idirchaidreamh a dhéanamh leo;
- Tuarascáil a thabhairt do Bhainistíocht Seirbhísí Oifige ar aon cheist a bhaineann le cothabháil na bhfoirgneamh/limistéar oifige le haghaidh gnímh ag Foireann Bainistíochta na Seirbhísí Oifige;
- Dualgais Slándála – éascaigh slándáil na n-ionad fáiltithe, na ndoirse, na n-aláram, srl. Slándáil bhreise a éascú de réir mar is gá;
- Post inmheánach agus seachtrach a bhailiú, a shórtáil agus a sheachadadh lena n-áirítear
litreacha, beartáin, nuachtáin, tréimhseacháin, soláthairtí oifige a ordú agus an stoc
stáiseanóireachta a choinneáil cothrom le dáta*; - Leagan Amach Seomra Cruinnithe a Eagrú;
- Loga ar dhaoine a thagann isteach san fhoirgneamh a choinneáil;
- Brait a ardú agus a ísliú de réir mar is cuí; agus
- Dualgais sealbhóra eochracha, cosúil leis an oifig a oscailt agus a chur faoi ghlas ar
maidin/tráthnóna** - Dualgais ar bith eile a bhaineann leis an bpost.
*D’fhéadfadh liúntas coimeádaí páipéir a bheith iníoctha maidir le soláthairtí oifige/dualgais stáiseanóireachta
**D’fhéadfadh liúntas sealbhóra eochracha a bheith iníoctha nuair a thugtar faoi an raon iomlán dualgas sealbhóra eochracha.
Beidh iarrthóirí a n-éireoidh leo oiriúnach i ngach gné ábhartha le haghaidh ceapacháin don phost.
Beidh orthu aontú go dtabharfaidh siad faoi na dualgais a bhaineann leis an bpost agus go nglacfaidh siad leis na coinníollacha faoina ndéanfar na dualgais a chur i gcrích, nó faoi mar a d’fhéadfadh siad a bheith le cur i gcrích.
Déan iarratas anseo