Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Riaracháin

Scríofa ag Fionnuala Ní Uallacháin ar .
5 Eanáir 2026
Buan

TEIDEAL Oifigeach Riaracháin
GRÁD Oifigeach Feidhmiúcháin
SCÁLA TUARASTAIL €37,919 – €59,335 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
LÁTHAIR OIBRE Oifig an Oireachtais, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe.

AN FHÍS ‘Ealaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre; go mbeadh rochtain ag gach cleachtóir ar chonair shealbhaithe agus forbartha na gcleachtas éagsúla d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon sin; agus go mbeidh léirithe poiblí á gcur ar fáil don phobal go rialta.’

RÁITEAS MISIN ‘Na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a cheiliúradh, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus lánfhásta lena gcleachtas ealaíon pearsanta féin a fhorbairt; le bheith rannpháirteach i dtionscadail ealaíon pobail agus sainiúla; agus le pobal freastail leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú go réigiúnach agus go náisiúnta.’

CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST Ról comhordaithe, rúnaíochta agus cuntasaíochta a bheidh ag an Oifigeach Riaracháin.

PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ

  • Comhordú a dhéanamh ar ábhar clárúcháin, moltóireachta agus riaracháin na bhféilte éagsúla;
  • Tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin a chur ar fáil do thionscadail na heagraíochta;
  • Pacáistí tacaíochta do na gréasáin éagsúla (compántais drámaíochta, grúpaí pobail, gréasán oifigigh earnála agus gréasán ionaid ealaíne & cultúir) a ullmhú;
  • Feidhmiú mar lárphointe teagmhála do na hOifigigh Taibhealaíon Réigiúnacha;
  • Monatóireacht ar amlínte tionscadal agus cinntiú go gcomhlíontar spriocdhátaí;
  • A chinntiú go gcloítear le prótacail chuí maidir le slándáil agus rúndacht sonraí;
  • Taifead ioncaim agus caiteachais a choinneáil i dtaca le tionscadail éagsúla;
  • Cothabháil a dhéanamh ar chóras comhdaithe.

Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.

TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA

  • Taithí bliana ar a laghad ar obair riaracháin;
  • Sárscileanna ríomhaireachta;
  • Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge;
  • Sárscileanna pleanála, eagrúcháin agus cumarsáide; &
  • Leabharchoimeád.

INNIÚLACHTAÍ

  • Ardleibhéal tionscnaimh, tuisceana, stuaime agus rúndachta;
  • Cumas cruthaithe chun tascanna a phleanáil, a eagrú agus a sceidealú chun a chinntiú go gcuirtear i gcrích go héifeachtach iad agus chun spriocdhátaí a bhaint amach;
  • Cumas oibriú as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann agus chun freagracht a ghlacadh ar chlár oibre aontaithe.

PRÓISEAS IARRATAIS

CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) as Gaeilge ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist seo.

Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.

Seol iarratas mar aon le CV, roimh 17:00 Dé Luain, 5 Eanáir 2026, chuig: eolas@daltun.ie

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta