Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceannaire Oiliúint Ghairme sna Meáin

20 Márta 2026
Téarma Seasta

Is comhfiontar straitéiseach é seo idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta a bhfuil sé mar aidhm aige forbairt fadtéarmach agus chothrománach a dhéanamh ar earnáil na Meán Ghaeilge. Le linn na tréimhse 2026–2028, cuirfear infheistíocht shuntasach ar fáil chun cláir oiliúna, forbairt scileanna, agus cláir thionscanta chruthaitheacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thacóidh le comhlachtaí léirithe Gaeltachta & Gaeilge, fiontraithe nua, lucht gnó agus tallann óg ar fud na tíre.

Tá Ceannaire le ceapadh ar bhonn conartha trí bliana chun ceannas straitéiseach agus fís cheannródaíoch a thabhairt ar an togra seo, agus chun forbairt earnálach, scileanna, acmhainní agus cruthaitheachta a threisiú ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach. Beidh an té a cheapfar ag freagairt do Choiste Stiúrtha arna bhunú ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta.

Tuilleadh eolais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta