Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Pleanála Teanga

Scríofa ag Sadhbh Ní Mhéalóid ar .
14 Samhain 2025

Oifigeach Pleanála Teanga – Gaeilge ABC

Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC

Is é Gaeilge ABC atá freagrach as an bplean teanga do LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Tá an plean i bhfeidhm anois le dhá bhliain, agus é mar aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Is post buan atá á thairiscint. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Gaeilge ABC agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.

Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Tuilleadh eolais ar fáil ar: https://gaeilgeabc.ie/foluntas/

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta