Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Pleanála Teanga (Gaeltacht UCD)

23 Nollaig 2025
Téarma Seasta

Tugtar cuireadh d’iarratais ar phost sealadach Oifigeach Pleanála Teanga laistigh de Gaeltacht UCD/ Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr

Tá Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr laistigh de phunann Rannpháirtíocht Dhomhanda UCD agus tá sé freagrach as cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir a bhaineann léi ar fud na hOllscoile.

Ról nuachruthaithe san Ollscoil atá san Oifigeach Pleanála Teanga seo a d’eascair as achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasaithe), 2021.

Beidh an tOifigeach ag tuairisciú go díreach do Stiurthóir Ghaeltacht UCD. Ní mór go mbeadh sé de chumas ag sealbhóir an phoist a c(h)uid oibre uile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus ardleibhéal inniúlachta aige nó aici i labhairt agus i scríobh na teanga araon.

Beidh ról lárnach aige/aici i bhforbairt plean agus straitéis Ghaeilge uile-ollscoile, i dtacú le príomhpháirtithe leasmhara maidir lena chur i bhfeidhm, i monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn, agus i dtuairisciú ar chomhlíonadh.

Beidh ról gníomhach aige/aici i dtacú le tionscnaimh Ghaeilge an Ionaid agus beidh sé/sí freagrach freisin as tacaíocht rúnaíochta a chur ar fáil do Choiste Acht na dTeangacha. UCD.

95 Oifigeach Riaracháin 1a_2003 (2010) Ráta Tuarastail: €71,317 – €83,337 in aghaidh na bliana.

Déanfar an ceapachán ar scála agus de réir threoirlínte na Roinne Airgeadais

Dáta dúnta: 12:00 uair (am áitiúil na hÉireann) ar 23.12.2025

Ní mór iarratas a bheith istigh faoin am agus dáta atá sonraithe. Déanfar aon iarratas atá fós ar siúl ag an am dúnta 12:00 uair (Am Áitiúil na hÉireann) ar an dáta dúnta sonraithe a scriosadh go huathoibríoch ag an gcóras. Ní féidir le UCD glacadh le hiarratais dhéanacha.

Níl cúnamh ag teastáil ó UCD ó Ghníomhaireachtaí Earcaíochta. Seolfar ar ais aon CV a chuir na Gníomhaireachtaí Earcaíochta isteach.

Sula gcuireann tú d’iarratas isteach, ba cheart duit tuilleadh eolais a fháil ó shuíomh Gréasáin Work at UCD (go háirithe an próiseas iarratais) : https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/

 

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta