Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Nuálaíochta Gaeilge

14 Bealtaine 2026
Buan

Tá Oifigeach Nuálaíochta Teanga á earcú ag CCÁCT (Grád Oifigeach Foirne Sinsearach) chun bheith i gceannas ar sheachadadh an chláir Gaeilge365 laistigh den chomhairle.

Tá an post mar chuid den tionscnamh Gaeilge365, arna cómhaoiniú ag ceithre údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath agus ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Is tionscnamh suaitheanta é Gaeilge365 atá tiomanta don Ghaeilge a chur i mbéal an phobail i mBaile Átha Cliath Theas, ag teacht le tiomantas Chlár an Rialtais do nuálaíocht na Gaeilge a leathnú ar fud na n-údarás áitiúil. Beidh páirt lárnach ag an ról seo chun a chinntiú go gcuirtear uaillmhianta CCÁCT maidir leis an nGaeilge i bhfeidhm go héifeachtach ar leibhéal áitiúil fad atá tairbhe á déanamh do dhea-chleachtas náisiúnta.

Díreoidh an tOifigeach Nuálaíochta Teanga ar an nGaeilge a leabú in oibríochtaí laethúla CCÁCT, ag tacú le forbairt foirne, agus ag seachadadh tionscnaimh straitéiseacha a chuirfidh feabhas ar dheiseanna do mhuintir Bhaile Átha Cliath Theas chun dul i mbun na Gaeilge ina bpobail, áiteanna oibre agus saol cultúrtha. Oibreoidh an tOifigeach Nuálaíochta Teanga laistigh d’Aonad Cumarsáide CCÁCT.

Is post lánaimseartha, buan agus inphinsin é seo. Cruthófar painéal chun folúntais bhuana agus shealadacha a líonadh. Ceanglófar ar na daoine a fhostaítear obair a dhéanamh i suíomh ar bith laistigh de cheantar riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas.

Do tuilleadh eolais agus/nó chun cur isteach ar an bpost: https://sdccjobs.ie/Job/JobDetail?JobId=11076

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta