Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Nuálaíochta Gaeilge, Gaeilge365 (Ról Dátheangach)

22 Bealtaine 2026
Buan

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag earcú Oifigeach Nuálaíochta Gaeilge (Grád an Oifigigh Shinsearaigh Foirne) chun soláthar an chláir Gaeilge365 laistigh d’Fhine Gall a stiúradh. Beidh páirt lárnach ag an ról seo ina chinntiú go gcuirfear straitéis teanga uaillmhianach Fhine Gall chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal áitiúil, agus i rannchuidiú leis an dea-chleachtas náisiúnta ag an am céanna.

Díreoidh an tOifigeach Nuálaíochta Gaeilge ar an nGaeilge a leabú isteach i ngnáthoibríochtaí laethúla Chomhairle Contae Fhine Gall, agus é/í ag tacú le forbairt foirne agus ag cur tionscnaimh straitéiseacha i gcrích lena méadófar na deiseanna a bheidh ag muintir Bhaile Átha Cliath an Ghaeilge a úsáid ina bpobail, ina n-áiteanna oibre agus ina saol cultúrtha.
Oibreoidh an tOifigeach Nuálaíochta Gaeilge le foireann réigiúnach Gaeilge365 ar fud cheithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath.

Do tuilleadh eolais agus/nó chun cur isteach ar an bpost: https://www.fingal.ie/jobs
https://www.fingal.ie/sites/default/files/2026-05/irish-language-innovation-officer-gaeilge-365-job-spec-2026-ga.pdf

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta