Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oifigeach Forbartha & Turasóireachta

Scríofa ag Fionnuala Ní Uallacháin ar .
28 Samhain 2025

Tá Comharchumann Chléire Teo ag tairiscint deis fostaíochta spreagúil do dhuine díograiseach chun ról an Oifigigh Forbartha & Turasóireachta a líonadh ar bhonn conartha.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Oifigí an Chomharchumainn ar Oileán Chléire, Contae Chorcaí, áit a mbeidh siad ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta mar chuid de Phlean Turasóireachta na heagraíochta chun tograí straitéiseacha turasóireachta a fhorbairt ar fud na nGaeltachtaí.
Mar chuid den ról seo, beidh an t-oifigeach páirteach i ngréasán oiliúna de thionscadail straitéiseacha turasóireachta sa Ghaeltacht, agus beidh sé de dhualgas orthu freastal ar chlár foghlama forbartha gairmiúla le linn thréimhse na fostaíochta.

Príomhcháilíochtaí agus Scileanna atá á lorg:

● Líofacht i nGaeilge, idir scríobh agus labhairt.
● Cáilíocht 3ú leibhéal i réimse ábhartha, m.sh. oidhreacht, músaemeolaíocht, seandálaíocht, turasóireacht, margaíocht, stair, srl.
● Suim láidir i bhforbairt agus i gcur chun cinn na turasóireachta ar Oileán Chléire.
● Scileanna ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin den scoth.

Sonraí an Phoist:
● Cineál an phoist: Conradh lánaimseartha (suas le 3 bliana)
● Tuarastal: €35,000 sa bhliain, mar aon le costais

● Suíomh: Oileán Chléire, Contae Chorcaí

Conas Iarratas a Dhéanamh:
Seol iarratas agus gairmré (CV) roimh 5 i.n. Dé hAoine, 28 Samhain 2025 chuig:

📧 ccteochleire@gmail.com
📞 Teil: 028 39119
Tuilleadh eolais ar fáil trí ríomhphost a chur chuig ccteochleire@gmail.com.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta