Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM in Ionad Cúraim Leanaí Ghort an Choirce, An Scoil Bheag, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Tuilleadh eolais anseo