Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn (Clúdach Saoire Mháithreachais)
23 Aibreán 2026
Saoire Mháithreachais
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta (Clúdach Saoire Mháithreachais) i Naíonra Mhaigh Cuilinn, Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe H91DHW0.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Bé an té a cheapfar ag obair go dtí deireadh 26 Meitheamh 2026.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 23/04/2026.
Tuilleadh anseo

