Maoirseoir Taighde (Painéal)
Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde í Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá tiomanta do chuimsiú agus barr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Tá baint fhada bhródúil againn le hoideachas, go háirithe oideachas tosaigh múinteoirí (ITE), ag dul siar breis agus 100 bliain. Le deich mbliana anuas, táthar tar éis misean acadúil agus scóip ghníomhaíochta IOM a athshamhlú chun tuiscint níos doimhne ar oideachas sa seomra ranga agus lasmuigh de a chuimsiú, chun contanam oideachais múinteoirí agus cleachtóirí oideachais speisialta sna luathbhlianta, ar leibhéal na bunscoile agus sna hearnálacha breis oideachais agus oideachais neamhfhoirmiúil a chur san áireamh.
Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) gairmithe oideachais a bhfuil taithí acu a earcú le bheith ar phainéal maoirseoirí taighde/tráchtais ar bhonn sealadach páirtaimseartha don bhliain acadúil 2026/27. Beidh an gá a bheidh le baill den Phainéal Maoirseachta agus a mhinice a bheidh siad ag teastáil ag braith ar líon na mac léinn, topaicí taighde na mac léinn, agus foireann IOM a bheith ar fáil. Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus beidh iarratais fós bailí go ceann 12 mhí.
Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé hAoine an 27 Feabhra 2026.
Tuilleadh eolais