Conradh Painéil
Is mian le TG4 Láithreoir Aimsire/Leanúnachais agus Meán Sóisialta a earcú. Is obair pháirtaimseartha ar chonradh phainéil a bheidh i gceist agus beidh an té seo lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an Láithreoir Aimsire/Leanúnachais don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochta. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta.
Is i gCeannáras TG4 a bheidh an post seo.
4pm Dé hAoine an 17 Eanáir 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol mír físe 1’00” ar fhad ag cur síos ort fhéin, mar aon le do CV chuig cv@tg4.ie.
Tuilleadh eolais anseo.