Folúntais do Mhúinteoirí ar Chúrsaí Choláiste na bhFiann
Is eagraíocht Ghaeilge do dhaoine óga í Coláiste na bhFiann. Tá sé mar aidhm againn an teanga a chur chun cinn mar theanga bheo. Déantar gach iarracht timpeallacht a chruthú ina bhfuil tacaíocht ar fáil do dhaoine óga úsáid a bhaint as an nGaeilge agus éirí muiníneach as a gcumas labhartha féin. Tógtar ar a bhfuil foghlamtha ag na daltaí ar scoil agus cuirtear suíomhánna nádúrtha ar fáil dóibh inar féidir leo an Ghaeilge atá sealbhaithe acu a úsáid. Baintear seo amach trí réimse leathan gníomhaíochtaí spraíúla a chur ar fáil agus deis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh iontu lena gcairde, idir shean is nua.
Tá múinteoirí ag teastáil do chúrsaí trí seachtaine & cúrsaí coicíse
Cén saghas múinteoirí atá ag teastáil?
Múinteoirí Bunscoile
Múinteoirí Meánscoile le Gaeilge
Cathain?
31 Bealtaine 2026 – 1 Lúnasa 2026
Cén áit?
Rosmuc, Co. na Gaillimhe
Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Droim Rí, Co. na Mí
Seol ríomhphost go michelle@cnb.ie