Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fo-eagarthóir le Breacadh

17 Aibreán 2026
Téarma Seasta

Cuirfidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus ar mian leo a bheith measta do an post seo.

Téarmaí an Cheapacháin: Conradh seasta 3 bliana

Suíomh Oibre: Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifigí Bhreacadh i gCasla, Conamara, ach is féidir go dtairisceofaí roghanna cianoibre don iarrthóir cuí, más gá.

Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil.

Scileanna atá riachtanach
Aithnítear roinnt príomh-inniúlachtaí a bheith riachtanach chun ról agus feidhm an Fho-eagarthóra a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is iad seo a leanas na hinniúlachtaí sin:

  • Ardchumas san aistriúchán agus san eagarthóireacht Ghaeilge, idir Chaighdeán Oifigiúil agus chaighdeáin cheadaithe na gcanúintí
  • Ardchumas i nGaeilge chasta a chur i nGaeilge nádúrtha shoiléir
  • Ardchumas in ábhar poiblíochta a dhréachtadh
  • Cumas ábhar a aistriú nó a chur in oiriúint do spriocghrúpaí faoi leith
  • Scileanna maithe bainistíochta tionscadail agus bainistíochta ama
  • Scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide.

Tuilleadh eolais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta