Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Feidhmeannach Oibríochtaí

2 Márta 2026
Buan

Tá Feidhmeannach Oibríochtaí á lorg ag Gaelchultúr faoi láthair. Conradh buan atá i gceist agus tá féidearthacht ann bheith ag obair ó chian nó in oifigí an choláiste i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Ní mór d’iarrthóirí caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, a bheith acu, taithí a bheith acu ar obair riaracháin oifige agus cur amach ar ghnáthchórais ríomhaireachta.

Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre.

Dualgais
Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an bhFeidhmeannach Oibríochtaí:

  • Plé le foghlaimeoirí agus cliaint an choláiste ar an nguthán, ar an ríomhphost agus aghaidh ar aghaidh
  • Na socruithe cuí a dhéanamh roimh gach cúrsa teanga
  • Riarachán ginearálta
  • Cáilíocht riachtanach
  • Céim tríú leibhéal (leibhéal 8 de Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí)
  • Cáilíocht/scileanna/taithí inmhianaithe
  • Cáilíocht tríú leibhéal sa Ghaeilge
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar a bheith ag déileáil le cliaint
  • Sárscileanna riaracháin
  • Sárscileanna cumarsáide
  • Sárscileanna eagrúcháin agus bainistithe ama

Ní mór d’iarrthóirí CV, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com

Spriocdháta d’iarratais: 10am, Dé Luain, 2 Márta, 2026.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta