Clárbhainisteoir – Pleanáil Chorparáideach
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.
Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, i Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1.
Is é an raon tuarastail don phost ná: €78,700 – €96,457*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.
FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS
T: (00353) (01) 639 8400
R: poist@forasnagaeilge.ie nó is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó
https://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/
SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF den fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12pm meán lae, Déardaoin, 19 Samhain 2025 chuig: poist@forasnagaeilge.ie
Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.