Ceapadh Scrúdaitheoirí agus Modhnóirí Gaelscolaíochta
Tá WJEC ag obair le CCEA le scrúduithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá muid ag iarraidh scrúdaitheoirí agus modhnóirí a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh do na hábhair thuas. Ba chóir go mbeadh cúlra ag iarratasóirí i dteagasc na sonraíochtaí ábhartha agus a bheith
líofa sa Ghaeilge fosta.
Maidir leis an ról mar Scrúdaitheoir, ní mór don duine sin:
- • freastal ar an chianchomhdháil do Scrúdaitheoirí;
- • marcáil a dhéanamh ar scripteanna/freagraí na n-iarrthóirí ar fad a leithdháiltear, agus é
sin a dhéanamh de réir na saintreorach, na scéimeanna marcála agus na ndátaí
sceidealaithe a sholáthraíonn WJEC; - • samplaí de scripteanna marcáilte iarrthóirí a chur ar fáil, de réir mar a iarrann an
Príomhscrúdaitheoir é, nó de réir mar a iarrann Ceann Foirne é, nó marcáil a dhéanamh
ar chomh-mhíreanna réimnithe in ord feabhais agus an duine sin ag marcáil ar líne; - • taifead cruinn a dhéanamh ar na marcanna ar fad de réir na saintreorach a sholáthraíonn
WJEC, lena n-áirítear iontráil marcanna ar líne, agus freagracht ar an scrúdaitheoir an
nascacht chuí a bheith ar fáil aige leis an tasc a chomhlíonadh; - • scripteanna/freagraí ar fad na n-iarrthóirí a chur faoi bhráid WJEC de réir mar atá na
dátaí sin sceidealaithe; - • faisnéis a sholáthar ar aon ghné de mharcáil scripteanna / freagraí iarrthóirí de réir mar a
iarrann an Príomhscrúdaitheoir é, nó de réir mar a iarrann ceann foirne é;
Maidir leis an ról mar Mhodhnóir, ní mór don duine sin:
- • freastal ar chianchomhdháil na Modhnóirí;
- • modhnóireacht a dhéanamh ar an obair chúrsa/na measúnuithe rialaithe a leithdháiltear, agus é sin a dhéanamh de réir na saintreorach, na scéimeanna marcála agus na ndátaí sceidealaithe a sholáthraíonn WJEC, ag cur san áireamh aon treoir bhreise a eisíonn an Príomh-Mhodhnóir / Ceann Foirne. Dé ghnáth is é an tréimhse atá ceadaithe don mhodhnóireacht ná trí seachtaine ó dháta chomhdháil na modhnóirí;
- • na marcanna uilig a thaifeadadh go cruinn agus córas ar líne WJEC in úsáid, agus de réir na saintreorach a sholáthraíonn WJEC;
- • samplaí d’obair chúrsa/measúnuithe rialaithe modhnaithe a sholáthar le haghaidh trasmhodhnóireachta, de réir mar a iarrann an Príomh-Mhodhnóir/Ceann Foirne é;
- • tuairsic a scríobh ar gach ceann de na lárionaid leithdháilte;
- • faisnéis a sholáthar ar aon ghné den mhodhnóireacht ar obair chúrsa/mheasúnuithe rialta iarrthóirí de réir mar a iarrann an Príomh-Mhodhnóir/Ceann Foirne é;
Beidh ar an iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi obair as lámh a chéile leis an Phríomhscrúdaitheoir/Mhodhnóir ar an ábhar. Beidh ar an scrúdaitheoir/mhodhnóir sraith de thascanna caighdeánaithe a chur i gcrích go rathúil sular féidir tús a chur le marcáil bheo.
Tá post an scrúdaitheora/mhodhnóra le Gaeilge lárnach maidir le feidhmiú na cáilíochta Gaeilge agus bíonn tréimhse ama de thart ar thrí seachtaine de dhíth ina leith i ndiaidh na comhdhála. Bíonn an chomhdháil ar siúl a luaithe agus is féidir i ndiaidh an scrúdaithe.
D’fhéadfadh sé sin a bheith le linn téarma, ag an deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire. Tá íocaíochtaí scaoilte do lárionaid ar fáil.
Ní mór iarratais a bheith againn Dé Luain, 2 Márta 2026, ar a dheireanaí.
An dóigh le hiarratas a dhéanamh:
Más mian leat cur isteach ar an ról gan tú a bheith ag obair faoi láthair don WJEC, téigh go dtí https://appointees.wjec.co.uk agus cliceáil ‘APPLY HERE’ leis an fhoirm iarratais a líonadh isteach. Ar leathanach na n-ábhar roghnaigh sainról scrúdaitheoir/modhnóir le Gaeilge.
Má tá tú ag obair do WJEC faoi láthair, logáil isteach chuig do Chuntas Tairsí Bainistíochta do Cheapaithe (ag úsáid d’ainm úsáideora úr) agus cliceáil ar an deilbhín ‘My Application’ ar an scáileán baile. Déan cinnte de go gcuireann tú an ról Scrúdaitheoir/modhnóir le Gaeilge leis an táb ‘subject area’. Déan cinnte de go bhfuil gach cuid eile de d’iarratas comhlánaithe, lena n-áirítear do chuid cáilíochtaí agus do chuid
fostaíochta, agus go léiríonn do ráiteas tacaíochta d’iarratas ar an ról seo.
Má tá cuidiú breise de dhíth ort leis an iarratas a chomhlánú, déan teagmháil, le do thoil, le –
Rob Reynolds
rob.reynolds@wjec.co.uk
02920 265 050
nó
Rabina Chowdhury
rabina.chowdhury@wjec.co.uk
02920 265 019