Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ball Foirne Iarscoile

Scríofa ag Sadhbh Ní Mhéalóid ar .
30 Samhain 2025

Is muidne Kids Inc. Soláthraímid seirbhísí Cúraim Luathbhlianta agus Iarscoile. Le breis agus 25 bliain taithí san earnáil cúram leanaí, táimid ar cheann de na heagraíochtaí is bunaithe atá ag feidhmiú ar fud na tíre. Is é ár sprioc foghlaim laethúil na bpáistí a leathnú trí iad a chur páirteach i réimse leathan spóirt agus clár cruthaitheach, agus polasaí dian “Gan Am Scáileáin”. Le 4 Naíolanna agus Seirbhísí Réamhscoile i mBaile Átha Cliath, tá Kids Inc ag reáchtáil breis agus 60 clár “Bricfeasta agus Cúram Iarscoile ar an láthair” ar fud na tíre.

Táimid ag lorg daoine cineálta, díograiseacha agus tiomanta atá paiseanta faoi bheith ag obair le páistí chun bheith páirteach inár bhfoireann. Táimid ag earcú faoi láthair do phost Páirtaimseartha, Téarma Scoile, i nGaelscoil Ruairí chun bheith mar chuid dár seirbhís ghnóthach Iarscoile agus Saoire.

Tuilleadh eolais

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta