Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bainisteoir Tionscadail – Snas.ie

Scríofa ag Fionnuala Ní Uallacháin ar .
11 Eanáir 2026
Téarma Seasta

Tá Ollscoil Mhá Nuad tiomanta do straitéis ina bhfuil spriocanna bunaidh sin na hOllscoile, barr feabhais sa taighde agus sa scoláireacht agus oideachas den chéad scoth, fite fuaite ina chéile agus an meas céanna orthu.

Tá duine cumasach á lorg ag an Ollscoil le bainistiú a dhéanamh ar an tionscadal www.snas.ie agus le forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil ann. Beidh an té a cheapfar freagrach do Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.

Tuarastal

Oifigeach Riaracháin 1 (2025): €59,220 – €84,494 p.a pro-rata (9 bpointe)

Post 0.8 FTE é seo (.i. 80% den tuarastal thuas).

De réir fhorálacha pá na hearnála poiblí a dhéanfar ceapacháin.

Dáta deiridh:

23:30 (am na hÉireann) Dé Domhnaigh, 11 Eanáir 2026.

Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cealóidh an córas go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag an am deiridh ar an dáta deiridh sonraithe.

Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.

Tuilleadh eolais anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta