Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bainisteoir Tionscadail ar Snas.ie

15 Eanáir 2026
Téarma Seasta

Is iad na príomhdhualgais a bhainfidh leis an ról ná acmhainní nua teagaisc agus foghlama a dhearadh bunaithe ar shiollabais TEG ag leibhéil A1, A2 agus C1, agus tacú le hobair SnasTV – pacáistí teagaisc agus foghlama a chruthaíonn muid bunaithe ar chláir theilifíse TG4. Beidh ardchaighdeán Gaeilge (C1) riachtanach, chomh maith le taithí/ tuiscint mhaith ar an dea-chleachtas oideolaíochta a bhaineann le hacmhainní teagaisc agus foghlama do theangacha.

Tá an t-eolas ar fad ar fáil san fhógra poist anseo: https://my.corehr.com/pls/nuimrecruit/apply?id=038763

Seo roinnt sonraí breise maidir leis na coinníollacha oibre a bheidh i gceist:

  • Uaireanta oibre: Post 4 lá sa tseachtain atá i gceist ach d’fhéadfaimis lá breise teagaisc a thairiscint don té a cheapfar anuas ar an gconradh, le go mbeadh deis aige/aici triail a bhaint as na hacmhainní atá á gcruthú sa seomra ranga.
  • Tuarastal: Bunaithe ar thuarastal lánaimseartha ar scála €59,220 – €84,494 sa bhliain (= €47,376 – €67,595 sa bhliain d’obair 4 lá sa tseachtain). Beidh íocaíocht bhreise i gceist, ar ndóigh, má bhíonn suim ag an té a cheapfar glacadh le huaireanta teagaisc anuas ar obair an chonartha.
  • Tréimhse an chonartha: 2.5 bhliain ó 1 Márta 2026 – 31 Lúnasa 2028, ach d’fhéadfaí tús an chonartha a chur siar go dtí Lúnasa/Meán Fómhair 2026 dá mba ghá, mura mbeadh an té a cheapfar ar fáil go dtí sin.
  • Áit oibre: Is í Ollscoil Mhá Nuad an áit oifigiúil oibre, ach d’fhéadfadh obair hibrideach a bheith i gceist

Má bhíonn aon eolas breise faoin ról ag teastáil , is féidir teagmháil a dhéanamh le aoife.nighloinn@mu.ie.

Déardaoin 15 Eanáir 2026 an spriocdháta d’iarratais.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta