Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bainisteoir faoi Oiliúint

30 Eanáir 2026
Téarma Seasta

Tá Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla ag tabhairt faoi scéim phíolótach dhá bhliain le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun bainisteoir faoi oiliúint a earcú.

Díreoidh an bainisteoir faoi oiliúint ar thionscadail shonracha atá mar chuid de chlár oibre na heagraíochta. Tabharfar taithí maidir le tograí a bhainistiú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche.
Beidh deis ag an mbainisteoir faoi oiliúint scileanna a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú mar bhainisteoir ar eagraíocht forbartha pobail amach anseo.

Cuirfidh Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla treoir agus comhairle ar fáil don té a cheapfar ó lá go lá agus beidh teagmháil rialta le feidhmeannach ón Údarás maidir le dul chun cinn an clár oibre.

Tabharfaidh an bainisteoir faoi oiliúint faoi chúrsa oiliúna le linn na tréimhse dhá bhliain. Ní mór ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag an té a cheapfar. Tuarastal €36,450 – €40,000.

Seol CV agus litir iarratais chuig runai@acaill.com

Gach eolas ó Tarlach Ó Duibhir ag (098) 43292 roimh an 30ú Eanáir 2026.

Beidh na tréithe seo a leanas de dhíth ón té a cheapfar:

  • Eagraithe agus tiomanta.
  • Ábalta glacadh le treoir.
  • Ábalta obair as a stuaim féin ó lá go lá chomh maith, gan gá le mion-bhainistíocht.
  • Dúil i bhfoghlaim, i scileanna nua a fhorbairt, agus dul chun cinn a dhéanamh.
  • Scileanna mhaith cumarsáide, idir labhairt & scríobh, i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Solubtha ó thaobh uaireanta oibre, ag brath ar riachtanais na dtograí éagsúla a fhorbairt agus a chur i gcrích agus riachtanais na heagraíochta.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta