Bainisteoir Beáir (Páirt-Ama)
16 Nollaig 2025
Téarma Seasta
25 uair sa tseachtain
Tá Club Áras na nGael ag earcú Bainisteoir Beáir nua!
Má tá Gaeilge líofa agat agus suim agat i gceannaireacht, imeachtaí agus obair i gcroílár phobal bríomhar na Gaeilge – ba bhreá linn cloisteáil uait!
Táimid ag lorg duine a bhfuil:
- Gaeilge líofa (riachtanach)
- Taithí ar leabharchoimeád / QuickBooks nó bogearraí cosúil leis
- Scileanna i stiúradh foirne, eagrú imeachtaí, agus bainistíocht stoc
- Cumais riaracháin agus bainistíocht meán sóisialta
Príomhdhualgais:
- Bainistiú laethúil ar an mbeár & ar an bhfoireann
- Eagrú agus comhordú imeachtaí
- Stoc, orduithe agus taifid airgeadais a choinneáil
- Timpeallacht chairdiúil, shábháilte & Ghaeilge a chothú
Conas cur isteach:
Seol do CV agus litir chumdach chuig Seán: clubaras@cnag.ie roimh 16/12/2025 ag meánlae.
Bí linn agus bí mar chuid d’fhoireann bhríomhar Club Áras na nGael!