Cuireadh tús leis an obair chun píopa úr uisce a leagan síos idir an tír mór agus oileán Ghabhla inné chun uisce reatha a thabhairt ar ais chuig an oileán.
Tá níos mó ná bliain iomlán ann ó bhí uisce reatha ar oileán Ghabhla ó rinneadh damáiste don phríomhphíopa a bheireann uisce chuig an oileán i mí Iúil 2025.
Dúirt an Comhairleoir Neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, go raibh muintir an oileáin “ag fanacht tamaill fhada” ar an nuacht seo ach gur “dea-scéala é” anois go bhfuil tús curtha leis an obair.
Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt Mac Giolla Easbuig, go raibh “frustrachas mór” ar phobal an oileáin le níos mó ná bliain anuas gur ghlac sé “chomh fada sin” ar Uisce Éireann tús a chur leis an obair chun uisce reatha a thabhairt ar ais ar an oileán.
Thug sé le fios go raibh tanc uisce ar an oileán, atá suite thart ar mhíle amach ó chósta Ghaoth Dobhair, le cúpla mí anuas chun uisce a thabhairt chuig na tithe uilig ach nach raibh sé seo “go hiomlán sásúil”.
Dúirt sé gur “obair chasta” í píopa uisce a leagan ar thóin na farraige ach go gceapann sé nach dtógfaidh an obair an fhad sin uilig ar na hoibrithe.
Ag tús na bliana seo d’ardaigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty, an cheist faoin phíopa uisce chuig oileán Ghabhla sa Dáil.
Dúirt sé go raibh pobail na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall “seanchleachtaithe air go gcaitear leo mar shaoránaigh den dara grád” ó thaobh cúrsaí uisce de.
Dúirt sé nach raibh “amlíne” ar bith tugtha ag Uisce Éireann faoi cá huair a bheadh uisce reatha ar ais ar an oileán agus nach raibh “fiú plean nó dáta” ag an rialtas ag an phointe sin.
I ráiteas a fuair Tuairisc ó Uisce Éireann ag an am, dúradh gur togra “casta” a bhí ann mar gheall ar chúrsaí timpeallachta agus mar gheall ar na próisis fhada a bhain le riachtanais reachtúla.






