Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Theastaigh uainn daoine a mhealladh’ – bunscoil i ndeisceart Chiarraí ag iarraidh athrú ina Gaelscoil

|

Tá scoil náisiúnta i ndeisceart Chiarraí ar an scoil is déanaí ina bhfuil suim léirithe dul i dtreo múnla lán-Ghaeilge.

Tá sé fógartha ag Scoil Náisiúnta Ghleann Fleisce go bhfuil plé ar bun an scoil a athrú ina Gaelscoil de réir a chéile agus tuairimí thuismitheoirí agus mhuintir na háite á lorg.

Tuigtear go bhfuil os cionn deich mbunscoil Bhéarla timpeall na tíre ag obair i dtreo aitheantais mar Ghaelscoil a bhaint amach.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt príomhoide Scoil Náisiúnta Ghleann Fleisce, Paul Favier, go bhfuil súil ann go meallfaidh an t-oideachas lán-Ghaeilge tuilleadh daltaí chun na scoile ach gur deis í chomh maith an teanga a chur chun cinn sa gceantar, atá suite idir Cill Airne agus Baile Bhuirne, thar teorainn i gCorcaigh.

“Sé mhí ó shin, bhí cruinniú againn leis an mbord bainistíochta chun plé a dhéanamh ar conas níos mó daltaí a mhealladh chuig an scoil,” a deir Favier.

“Tá muid sláintiúil faoi láthair ó thaobh uimhreacha de, tá 36 dalta againn, ach tá 26 díobh sin sna hardranganna agus níl ach naonúr nó deichniúr sna bunranganna. Theastaigh uainn daoine a mhealladh.”

Deir Favier go bhfuil Gaelscoil amháin i gCill Airne faoi láthair agus go mbíonn ró-éileamh uirthi. Thabharfadh Gaelscoil i nGleann Fleisce, atá 10km uaithi, rogha eile do thuismitheoirí, a deir sé.

Tá Favier den tuairim go bhfuil an Ghaeilge “ag fulaingt” i láthair na huaire agus go bhfuil gníomh ag teastáil chun í a choinneáil beo. Deir sé gur cheart go mbeadh gach bunscoil sa tír ina Gaelscoil agus taithí faighte aige féin ar an tumoideachas le linn dó seal a chaitheamh ag múineadh i nGaelscoil Dhroichead na Bandan i gCorcaigh.

“Rud nádúrtha a bhí ann do na páistí [Gaeilge a labhairt]. Ní raibh aon chur amach acu ar aon rud difriúil, gurb í an Ghaeilge a bhí á labhairt acu nuair a thángadar isteach ar scoil. Bhí sé éasca acu.”

Deir Favier go bhfuil súil aige go mbeidh an rud céanna fíor i nGleann Fleisce, ceantar ina raibh cainteoirí dúchais na glúnta siar. Tuigeann sé go dtógfaidh sé tamall an scoil a athrú ina Gaelscoil go hiomlán.

An plean atá ann, mar atá beartaithe ag cuid de na scoileanna eile atá ag iarraidh athrú, ná go mbeadh na daltaí atá le tosú sna Naíonáin Bheaga i bhfómhar na bliana seo chugainn á múineadh go hiomlán trí Ghaeilge agus an rogha ag na páistí atá ag freastal ar an scoil faoi láthair a gcuid oideachais a fháil trí Bhéarla.

Deir Favier gur theastaigh ó phátrún na scoile, Easpag Chiarraí, go ndéanfaí suirbhé ar dtús chun a chinntiú go raibh suim i nGaelscoil sa gceantar agus nach mbeifí ag cur isteach ar scoileanna eile. Deir Favier go bhfuil an-fháilte curtha roimh an moladh agus go bhfuil formhór na ndaoine a d’fhreagair an suirbhé an-dearfach.

Má fhaigheann an scoil cead ón easpag dul ar aghaidh leis an athrú, beidh acmhainní breise ón Roinn Oideachais ag teastáil, a deir an príomhoide.

“Beidh cabhair ag teastáil uainn ó thaobh acmhainní de agus do mhúinteoir sa bhreis, b’fhéidir,” ar sé.

Tá múinteoir breise i measc na dtacaíochtaí a bheidh á lorg ag scoileanna chun a chinntiú go mbeadh na gasúir a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge istigh i rang difriúil uathu siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla.

“Tá súil againn go dtiocfaidh an tacaíocht mar measaim féin gur smaoineamh ana-mhaith é,” arsa Favier.

Tá sé ráite ag Sinn Féin gur chóir don Roinn Oideachais creatlach a chur le chéile chun na céimeanna atá le glacadh ag scoileanna lán-Bhéarla chun athrú ina nGaelscoileanna a leagan amach do na scoileanna.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta