Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Teanga oifigiúil déanta den Bhéarla sa Nua-Shéalainne

|

Ritheadh reachtaíocht chonspóideach le deireanas trína ndearnadh teanga oifigiúil de chuid na Nua-Shéalainne den Bhéarla. Fágann tAcht Béarla gurb é an Béarla an tríú teanga oifigiúil de chuid na tíre sin anois, in éineacht leis an Maorais agus Teanga Chomharthaíochta na Nua-Shéalainne.

Ba é an tAire Dlí agus Cirt Paul Goldsmith a thug an reachtaíocht isteach i bparlaimint na Nua-Shéalainne, cáipéis dhá leathanach ina ndeirtear gurb é an Béarla teanga oifigiúil de facto na tíre le fada an lá ach nár tugadh aitheantas oifigiúil dó sin sa reachtaíocht a bhí ann cheana.

Cuireadh ceist stádas an Bhéarla ar chlár Rialtas na Nua-Shéalainne nuair a tháinig an comhrialtas le chéile i mí na Samhna 2023. Ba é an páirtí New Zealand First (Tús Áite don Nua-Shéalainn) a d’éiligh go gcuirfí ar chlár an rialtais an cheist. Agus í ag labhairt sa pharlaimint dúirt an feisire parlaiminte Casey Costello ón bpáirtí sin go raibh an bille tábhachtach do na daoine a ndéanann a páirtí ionadaíocht orthu agus shéan sí gur “cur amú ama” a bhí ann.

Mhaígh Costello go dtugann an reachtaíocht nua “soiléire” agus “cinnteacht” do stádas an Bhéarla agus nach mbaintear de stádas na Maoraise ná na teanga comharthaíochta.

Níos luaithe i mbliana, áfach, dúirt ceannaire New Zealand First, Winston Peters, gurb í sprioc na reachtaíochta deireadh a chur le “comharthaíocht suáilcí” agus gur cheart gurbh é an Béarla príomhtheanga na Nua-Shéalainne. Mhaígh sé go raibh úsáid na Maoraise i seirbhísí poiblí ag cur mearbhall ar an bpobal. Is Maorach é Peters féin.

Thacaigh an páirtí ACT (Cumann na dTomhaltóirí agus na gCáiníocóirí) leis an reachtaíocht nua agus dúirt an feisire Simon Court go raibh go leor de mhuintir na Nua-Shéalainne ag éileamh go dtabharfaí isteach í.

“Nuair a théimid go hospidéal, mar shampla, agus muid ag iarraidh ár mbealach a aimsiú chuig an mbarda, ár mbealach a aimsiú go dtí coinne, ar ndóigh, tá an Béarla tábhachtach. Is amhlaidh an scéal más rialtóir aerthráchta thú. Is fearr a chinntiú gur i mBéarla a labhróidh tú le go dtuigfeadh na píolótaí cén chaoi agus cén áit leis an eitleán a thabhairt chun talaimh,” a dúirt sé. 

Ach tá amhras caite ar sprioc an Rialtais ag páirtithe an fhreasúra agus é á mhaíomh acu gur beag gá a bhí le reachtaíocht dá leithéid nuair a bhí dlíthe na tíre á ndréachtú i mBéarla mar a bhí.

Dúirt Tamatha Paul ón gComhaontas Glas, ar Maorach í, agus an bille á phlé sa pharlaimint nach ionann an cás do theanga a muintire, an Mhaorais, agus don Bhéarla.

“Déarfaidh mé libh an fáth a bhfuil stádas cosanta teanga ag an Maorais, mar buaileadh as na Maoraigh í go córasach. Chaitheamar máirseáil chun na Parlaiminte ag éileamh go n-aithneofaí teanga dhúchais na tíre seo agus nach mbuailfí as béal a cuid cainteoirí dúchais í,” a dúirt sí.

Dúirt sí nach raibh áit ar bith sa Nua-Shéalainn nach bhfuil seirbhís i mBéarla ar fáil ann agus d’fhiafraigh sí den Rialtas céard uaidh a bhíothas ag cosaint an Bhéarla.

“Cén sampla atá ann den neamhfhreastal ar an mBéarla? Níl aon fhreagra air sin. Mar ní féidir le hAire cuimhneamh ar aon chás amháin ina sásóidh an Bille seo aon ghá le reachtaíocht ná le haitheantas reachtúil a thabhairt don Bhéarla mar theanga oifigiúil,” a dúirt Paul.

Agus í ag labhairt ina teanga dhúchais, dúirt Oriini Kaipara, ón bpáirtí Te Pāti Māori, nach raibh an dua ná an phian chéanna i gceist le haistear na Maoraise leis an stádas oifigiúil a bhaint amach is a bhí i gcás an Bhéarla.

“Cén buntáiste a thiocfaidh as seo? Cén fáth a bhfuil na huaireanta an chloig seo agus am na bhfeisirí seo á n-úsáid ar an gcaoi seo? Cén fáth a bhfuil muid ag caitheamh an ama seo go léir ar an mbille, nuair atá a fhios againn cheana gurb é an Béarla príomhtheanga na Nua-Shéalainne?” a dúirt sí.

Thacaigh Páirtí an Lucht Oibre leis an reachtaíocht freisin, cé gur labhair roinnt feisirí de chuid an pháirtí sin ar a “áiféisí” is a bhí an Bille. Dúirt an Feisire Duncan Webb go raibh an reachtaíocht “gan chéill” agus “amaideach”. Dúirt Camilla Belich, ón bpáirtí céanna, go raibh “polaitiú” á dhéanamh ag New Zealand First ar “fhírinne a bhí soiléir” cheana féin.

Dúirt Vanessa Weenink, feisire de chuid páirtí eile a thacaigh leis an mBille, an Pháirtí Náisiúnta, gurbh é an Béarla príomhtheanga na parlaiminte sular tugadh isteach an Bille, go mbeadh sé ina phríomhtheanga nuair a rithfí an Bille, agus gurb é an t-aon tionchar a bheadh ag an mbille ná gur chaith na feisirí “roinnt uaireanta an chloig” á phlé i mBéarla.

De réir an daonáirimh, tá an Béarla ag 95% de mhuintir na Nua-Shéalainne. Mhol státseirbhísigh sa Roinn Dlí agus Cirt nár cheart an Bille a rith mar gheall ar easpa fianaise go raibh imní ann faoi stádas an Bhéarla sa tír.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta