Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh cheirnín leathfhada nua Na Railway Boys

|

Chuir Na Railways Boys gig bhríomhar ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh agus a gceirnín leathfhada nua, ‘Four Track Train Wreck’, á seoladh acu mar chuid de Liú Lúnasa.

Is grúpa de chúigear iad Na Railway Boys – sin iad Piaras Ó Lorcáin, Micky Fearon, Oisín Ó Murchú, Brian Ó Gallchóir agus Seán Breen – a sheineann réimse de sheánraí, amhail ceol traidisiúnta, bluegrass, agus ceol tíre. Thosaigh siad ag seinm mar ghrúpa ag oíche airneáil mhíosúil an Railway Bar in Iúr Cinn Trá, agus is í sin an áit a bhfuair siad ainm an bhanna.

Bhí an deis ag Meon Eile an seoladh a phlé le Brian agus le Piaras. Labhair siad faoin cheirnín é féin, faoin ghig agus faoin tacaíocht iontach a bhí acu roimh ré ó Jimmy Kelly, ceoltóir ó Bhostún SAM a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an tslua a bhí i láthair agus a tháinig ar an ardán leis Na Railway Boys d’amhrán deireanach na hoíche, ‘Pamela Brown’.

Más rud é gur chaill tú an ghig seo ach gur éirigh leat ticéad a fháil don Phicnic Leictreach, is féidir leat Na Railway Boys a fheiceáil oíche Dé Domhnaigh sa Phuball Gaeilge!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta