Má tá tú céasta ag teas is garrantaí feoite dóite níl aon fhaoiseamh i ndán duit go dtí deireadh na seachtaine nuair atá eolaithe Met Éireann ag tuar go dtiocfaidh lagbhrú aniar inár dtreo ón Atlantach agus fionnuaire is báisteach ina theannta. An crios ardbhrú atá tagtha aníos chugainn ó na hAsóir is siocair leis an teas damanta atá sa taobh seo domhan le tamall fada.
Tá rabhadh buí ardteochta eisithe ag lucht na haimsire sa tír seo do chúige Laighean agus contae Thiobraid Árann óna 6.00 a chlog maidin amárach go dtí maidin Dé hAoine agus iad ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith níor airde ná 27 céim Celsius i rith an lae agus na hoícheanta marbhánta agus an teocht os cionn 15 céim, idir 20 agus 23 céim atá á ghealladh sa taobh thiar agus san iardheisceart.
Gealltar dúinn go mbeidh an lá amárach tirim den chuid is mó ach go bhféadfadh brádáin, corrmhúr is corr-ráig bháistí a bheith sa taobh thiar den tír. D’fhéadfadh ceo is ceobhrán a bheith le cósta agus ar chnoic sa taobh thiar agus thiar ó dheas ach glanfaidh sé amach sa lá.
Ní hí an tír seo is measa atá á bruth sa teaspach seo, tá an cúigiú tonn teasa an samhradh seo fógartha ag na comharsana agus lucht aimsire na Breataine ag cur fainic oráiste ar an bpobal go mbeidh an teocht chomh hard le 36 céim Celsius ansin Déardaoin.
Ní dó gréine ná ailse chraicinn amháin an chontúirt a bhaineann leis an ngrian neamhghnách seo agus iarrtar ar dhaoine a bheith fíorchúramach agus iad in aice an uisce, súil a choinneáil ar aon duine a bhfuil cúram ag teastáil uaidh agus gan tart a fhágáil ar dhuine óg ná aosta ná ar aon ainmhí. Fanacht ar an bhfoscadh i mbrothall an lae, an craiceann a chlúdach agus uachtar gréine a úsáid agus neart uisce a ól an chomhairle atá ag lucht leighis sa mbrothall.






