Dúnfar Oifig Iomairtean na Gàidhlig (an Oifig Gnóthaí Gàidhlig) i Màbu in Albain Nua ag deireadh na míosa. Is eagraíocht stáit é Oifis Iomairtean na Gàidhlig atá ann le teanga agus cultúr na Gàidhlig a chur chun cinn. Tá oifig réigiúnach acu i Mabù i gCeap Bhreatainn ó bhí an bhliain 2007 ann.
Aistríodh an oifig réigiúnach go spás a chuir an Roinn Talmhaíochta ar fáil cúig bliana ó shin, in 2021, ach tá deireadh ag teacht leis an léas atá ag an eagraíocht teanga agus cultúir ag deireadh na míosa seo agus cinneadh gan oifig a choinneáil san oileán a thuilleadh.
“Ní bheidh aon athrú ar líon na mball foirne ná ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Tá oifigí rialta againn in Haileafaics, a’ Bhaile Mhór, agus Sidni, agus táimid ag coinneáil orainn a bheith ar fáil do bhaill phobal na Gàidhlig agus páirtithe leasmhara eile sna pobail áitiúla, Màbu ina measc.
“Oibreoimid as lámh a chéile le baill phobal na Gàidhlig agus páirtithe leasmhara leis an nGàidhlig agus an cultúr Gaelach a neartú agus a chothú ar fud an chúige,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an oifig le deireanas.
Eagraíonn an oifig ranganna Gàidhlig, ceolchoirmeacha, ceardlanna, agus ócáidí eile ar fud na hAlban Nua leis an teanga agus an cultúr a bhaineann léi a chur chun cinn.
Is oifig de chuid na Roinne Pobal, Cultúir, Turasóireachta, agus Oidhreachta i gCeanada é Oifis Iomairtean na Gàidhlig. Oibríonn sí le rialtas an chúige agus leis an rialtas náisiúnta leis an nGàidhlig a chaomhnú i gCeanada, go háirithe sna ceantair ina labhraítí mar theanga dhúchais í ar feadh na gcéadta bliain.
Tá ceathrar fostaithe ag an eagraíocht stáit agus tá dhá oifig bhuana acu in oirthear Cheanada. Tacaíonn an oifig le múineadh na Gàidhlig, stair na nGael in Albain, agus an cultúr Gaelach atá fós beo beathach sa chuid sin den tír i mbunscoileanna an réigiúin.






