Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Ó thalamh go tábla’ le Gairdín an Phobail

|

D’óstáil Gairdín an Phobail ar Bhóthar na Carraige Báine, Béal Feirste, ceardlann gharraíodóireachta ar na mallaibh chun tús an fhómhair a cheiliúradh.

An t-ábhar ba mhó a pléadh ag an cheardlann ná na bealaí ar féidir linn a bheith níos inbhuanaithe, bíodh sin baint a bheith againn le tograí ar nós Ghairdín an Phobail nó fiú a bheith gníomhach inár ngairdíní féin.

Bhailigh na rannpháirtithe síolta lín ón ghairdín agus d’ullmhaigh an Kind Economy bia dachan duine sa chré-oigheann taobh amuigh.

Is é Seán Mac Brádaigh a bhí i mbun na ceardlainne agus labhair sé linn faoi chuid de na comhráití a bhí acu ar an lá faoin gharraíodóireacht, agus an dóigh a dtig linn athfhiáiniú, nó athdhúlrú, a dhéanamh inár gceantair áitiúla féin.

onn fearadh na fáilte roimh chách ag Gairdín an Phobail achan mhaidin Aoine le bheith ag obair leis an fhoireann ann. Thig leat dul i dteagmháil leo anseo.

Bhí an cheardlann seo maoinithe ag An Chiste Ultach agus tionscadal de chuid Conradh na Gaeilge, Céad Míle Fáilte.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta