Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Naoi gCeist ar Julie Anne de Brún


Tugann Julie Anne de Brún freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is múinteoir, éascaitheoir imeachtaí agus cruthaitheoir ábhair í Julie Anne.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta?

Ag éisteacht le fuaimeanna na mara, ag canadh amhráin nó ag gáire ós ard le mo mhuintir!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead?

Mo charr! Bím ag taisteal fud fad na tíre agus teastaíonn carr láidir le tiomáint ar na bóithre droimneach

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara?

Is breá liom daoine macánta, cineálta agus spraíúla.

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic?

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Ach is fíor é sin.

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Tithíocht Gaeltachta, easpa síochán fud fad an domhain, easpa fainic faoi théamh domhanda, agus trácht na Gaillimhe dár ndóigh.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá?

Níos mó ama a chaitheamh le mo chlann fud fad an domhain

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu?

Caithfidh mé a admháil go bhfuil níos mó ná duine amháin: teaghlaigh le páistí tinn nó duine le riachtanais orthu agus éinne a bhfuil ag iarraidh níos mó cothromaíochta a fháil

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat?

Is aoibhinn liom saothair Gabriel Rosenstock, Áine Ní Ghlinn agus Tadhg Mac Donnegáin. Is féidir leat mé a fháil le leabhair Ghaeilge chun mo chuid scileanna teanga a fhás is a fhorbairt!

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo?

Bí séimh. Bí cineálta. Bí macánta.

Go raibh míle maith ag Julie Anne as a cuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Julie Anne ar Instagram anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta