Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Frank Flynn, iar-phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar shlí na fírinne

|

Cuireadh i gcré na cille inné Frank Flynn, iar-phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Dúradh Aifreann na sochraide i dTeampall Mhuire Banríon gan Smál i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe agus cuireadh i reilig Réalt na Mara sna Forbacha ina dhiaidh sin é.

I 1981 a tháinig Frank Flynn i gcomharbacht ar an gcéad phríomhfheidhmeannach a bhí ar Údarás na Gaeltachta, Cathal Mac Gabhann. D’oibrigh sé roimhe sin leis an eagraíocht Gaeltarra Éireann, réamhtheachtaí Údarás na Gaeltachta.

Agus é ina phríomhfheidhmeannach ar an Údarás, leag sé an-bhéim ar an bhforbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht agus bhí na blianta a chaith sé sa phost lárnach i múnlú earnáil thionsclaíoch na Gaeltachta.

Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach chomh maith le linn ceann de na tréimhsí ba chorraithí i stair Údarás na Gaeltachta, nuair a bhí conspóid ann faoi iasacht airgid, conspóid a d’fhág gur briseadh triúr as a róil ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Thug Frank Flynn féin an tÚdarás chun cúirte an bhliain ag áitiú go ndearnadh dífhostú neamhchóir air agus socraíodh an cás lasmuigh den chúirt

Rugadh Frank Flynn i mBaile Uí Mhatháin i gcontae an Longfoirt ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i nGaeltacht na Gaillimhe. Bhí sé ina ghníomhaí pobail agus baint aige le feachtais éagsúla sa cheantar.

Bhí cónaí air sna hAille i mBearna, áit a raibh sé an-ghníomhach i saol na hEaglaise. Bhí sé ina bhall de chomhairle thréadach Pharóiste Bhearna/Na bhForbacha, théadh sé ar Aifreann gach lá, bhí sé ina mhinistir Eocairiste, agus ina bhall den chór.

Bhásaigh sé in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe tar éis tinnis ar an 31 Iúil.

Maireann a bhean Eileen; a chlann mhac Jim agus Micheál; a bhanchliamhaineacha Úna agus Siobhán; a gharchlann Robert, Matthew, Charlie, Kayleigh, Luke, agus Jessica; a dheartháir Ciarán; a dheirfiúracha Ann, Nuala, agus Dorrie; agus gaolta eile.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta