Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Eagrán Gearmáinise ‘Madame Lazare’ ainmnithe do ghradam foilsitheoireachta

Tá an t-eagrán Gearmáinise den úrscéal Gaeilge Madame Lazare ainmnithe do ghradam foilsitheoireachta sa Ghearmáin.

Tá duais €5,000 luaite leis an ngradam, airgead a bhronnfar ar an teach foilsitheoireachta a d’fhoilsigh an saothar buach.

Is é Kröner Verlag a d’fhoilsigh an leagan Gearmáinise a réitigh Elvira Veselinović d’úrscéal iomráiteach Thaidhg Mhic Dhonnagáin. Cuireadh an leabhar chun cinn do ghradam an Hotlist agus roghnaigh bord iontaobhaithe an saothar don liosta fada a fógraíodh le deireanas.

Roghnóidh an pobal, trí vótáil ar líne, trí cinn de na deich leabhar a bheidh ar liosta na leabhar is fearr in 2026. Roghnóidh painéal moltóirí na seacht leabhar eile. Is leabhair a foilsíodh sa Ghearmáinis san Ostair, san Eilvéis, agus sa Ghearmáin féin a bhíonn san iomaíocht don ghradam.

Bronnfar an €5,000 ar leabhar amháin as na deich leabhar a bhainfidh áit amach ar an ngearrliosta ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ag Féile Leabhar Frankfurt i mí Dheireadh Fómhair. Roghnóidh an painéal moltóirí buaiteoir an chomórtais trí chéile.

Scéal é Madame Lazare faoi Fhrancach óg, Levana, atá bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa nuair a bhí sí ina cailín óg, an t-aon duine dá muintir a tháinig slán ó shlad na Naitsíoch. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go cósta thiar na hÉireann, druideann Levana leis an bhfírinne faoina seanmháthair agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

Is iomaí gradam agus duais atá buaite ag Madame Lazare ó céadfhoilsíodh an saothar i nGaeilge in 2021. Bronnadh an duais mhór d’úrscéal neamhfhoilsithe na bliana ar an lámhscríbhinn ag Gradaim Liteartha an Oireachtais in 2020.

Bhuaigh sé ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim Leabhar An Phoist in 2021, ainmníodh do Ghradam Uí Shúilleabháin an bhliain chéanna é, agus tugadh “aitheantas speisialta” don saothar ag Gradaim Litríochta an Aontais Eorpaigh in 2022.

Is iad Literature Ireland an eagraíocht a d’ainmnigh an t-úrscéal agus an t-údar le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Gradam an AE don Litríocht agus ba é Madame Lazare an chéad leabhar Gaeilge riamh a ainmníodh. Bhí sé ar cheann de cheithre leabhar déag ó cheithre thír déag a bhí san iomaíocht.

Is féidir vóta a chaitheamh sa chomórtas Hotlist anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta