Bhí teocht chomh hard le 30 céim Celsius á tuar i gcuid den tír inniu agus foláireamh buí ardteochta i bhfeidhm sa gcuid is mó den tír.
Ag meán lae inniu a tháinig an foláireamh is déanaí i bhfeidhm i gConnachta, i Mumhain agus i ndeich gcontae eile, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cabhán, agus Dún na nGall agus seasfaidh sé go dtí 6.00 maidin Dé hAoine.
Deir Met Éireann linn gur maith an seans go mbeidh an teocht 30C sna contaetha sin.
Meastar gur idir 23 agus 25 céim a bheidh an teocht sna sé chontae nach bhfuil foláireamh teaspaigh tugtha ina leith – Baile Átha Cliath, Loch Garman, Cill Mhantáin, Muinneachán, Lú agus an Mhí.
Ní nach ionadh tá na sluaite ag déanamh ar an uisce agus tá fainic curtha ag lucht na haimsire a bheith an-airdeallach faoi chúrsaí sábháilteachta agus daoine ag lochanna, tránna agus uiscebhealaí.
Beidh deacrachtaí codlata ag daoine agus daoine eile buailte ag strus teasa agus ní mór súil a choinneáil ar an tsláinte sa mbrothall.
Sa deisceart agus san iarthar is teo a bheidh sé agus an teocht idir 24 agus 29 céim Déardaoin agus Dé hAoine agus deir lucht na haimsire go dtarlódh go n-eiseofaí foláireamh ardteochta do chontaetha eile sna laethanta beaga seo romhainn
Faoi láthair táthar ag tuar go mbeidh an Aoine caite sula dtiocfaidh fuarú ‘fánach’ agus go bhfuiltear ag súil le teocht idir 22 agus 26 i rith an deireadh seachtaine.
Níl aon athrú ar an aimsir á ghealladh dúinn an tseachtain seo chugainn ach an oiread ach tuilleadh den triomach agus den bhrothall.







