Tá taighde ar bun ag scoláire as Conamara in Ollscoil Dhún Éideann ar an gcaoi a bpróiseálann cainteoirí dátheangacha Gaeilge agus Béarla a gcuid mothúchán sa dá theanga sin.
Is iarrthóir ar chéim máistreachta in Ollscoil Dhún Éideann í Kate Scott, as na Doiriú i gConamara, atá i mbun taighde faoi stiúir an Dochtúra Thomas Bak, néara-shíceolaí a bhfuil suim faoi leith aige i gcúrsaí dátheangachais.
“Is staidéar é ar an gcaoi a bpróiseálann cainteoirí dátheangacha, Gaeilge agus Béarla, a gcuid mothúchán agus cén chaoi a gcuireann siad na mothúcháin sin in iúl, i nGaeilge agus i mBéarla.
“Tá caidreamh chomh casta sin ag muintir na hÉireann leis an nGaeilge, rud atá coitianta go maith i gcás mionteangacha, agus tá mé ag breathnú ar an gcomhthéacs ina labhraíonn daoine Gaeilge nó Béarla nó meascán den dá theanga,” a dúirt Scott le Tuairisc.
Tógadh Scott í féin go dátheangach i nGaeltacht na Gaillimhe agus dúirt sí gur spreag an taithí sin a spéis san ábhar seo – ábhar a cheap sí a bhí “simplí, ach nach bhfuil simplí ar chor ar bith”.
“Gaeilge a labhair mo mháthair liom sa mbaile agus is í an Ghaeilge a labhair mé riamh léi, agus is Béarla a bhí ag m’athair mar sin is i mBéarla a labhraíonn muid le chéile i gcónaí. Tá freagraí faighte agam ó dhaoine a bhí sa gcás céanna, daoine a labhair Gaeilge uilig sa mbaile agus daoine a labhair Béarla uilig sa mbaile.
“Déanann sé difríocht cé a labhair Gaeilge nó Béarla sa mbaile, ach tá an comhthéacs ina labhraítear an teanga tábhachtach freisin, déanann sé sin difríocht freisin,” a dúirt sí.
Mhaígh Scott go mbíonn “stiogma” faoi mhothúcháin i gcomhthéacsanna áirithe in Éirinn agus go mbíonn tionchar aige sin ar an gcaoi a bpróiseálann cainteoirí dátheangacha na mothúcháin sin.
“Dúirt duine nó beirt gur Gaeilge a labhraíonn siad sa mbaile i gcónaí ach nach labhraítear faoi mhothúcháin sa mbaile. Tá an stiogma sin in áiteacha, bíonn sé go minic ann in áiteacha iargúlta, agus ciallaíonn sé nár fhoghlaim na daoine sin na focail Ghaeilge, níl siad in ann cur síos a dhéanamh ar rudaí áirithe i nGaeilge.
“B’fhéidir gur fhoghlaim siad faoi na mothúcháin a bhíonn acu ar scoil, nó ó na meáin shóisialta, nó ó bheith ag léamh rudaí agus is ansin a d’fhoghlaim siad na focail le cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin agus na coincheapa sin,” a dúirt sí.
Cé go raibh roinnt daoine a ghlac páirt sa staidéar nach raibh in ann a gcuid mothúchán a chur in iúl i nGaeilge, dúirt Scott gur léirigh roinnt freagraí eile ar an suirbhé atá sí a dhéanamh i láthair na huaire go bhfuil daoine eile ann a bhraitheann gurb í an Ghaeilge “teanga a gcroí” agus atá níos compordaí ag caint ar mhothúcháin sa teanga sin.
“Tá daoine eile ar an taobh eile den scéal agus iad ag rá gurb í an Ghaeilge teanga a gcroí. Cheap mé go mbeadh an staidéar simplí nuair a thosaigh mé, ach níl sé simplí ar chor ar bith! Ach déanann sé sin an taighde spéisiúil,” a dúirt sí.
Dúirt Scott go bhfuil an teanga a labhraíonn duine tábhachtach do na cuimhní agus na mothúcháin atá ag an duine, agus go bhfuil taithí mhaith aici féin ar fhocail a bheith ag múscailt cuimhní nó mothúcháin éagsúla ina hintinn féin.
“Is rud é atá tugtha faoi deara agamsa scaití. Má tá mothúcháin áirithe ann nó cuimhne faoi leith ann, cuireann páistí brí le focail, sin an chaoi a bhfoghlaimíonn siad focail.
“Bhí mé féin ag siúl suas Suidhe Artair le duine atá ina chónaí liom, agus bhí an bláth buí seo ann ar an mbealach suas. Ní raibh mé in ann cuimhneamh ar an bhfocal, ach dúirt an duine a bhí liom – Sasanach – ‘oh, that’s gorse’, bhí sé cloiste agam ach níor chiallaigh sé sin rud ar bith dom.
“Bhí mé ag caint le mo mháthair i nGaeilge faoi ar an bhfón ina dhiaidh sin agus dúirt sí gur ‘aiteann’ an Ghaeilge a bhí air agus chuimhnigh mé láithreach go raibh dealg ann. Mhúscail sé mothúchán ionam, rud a dúirt nár cheart dul in aice leis, mothúchán nár mhúscail an focal Béarla,” a dúirt sí.
Is féidir le cainteoirí dátheangacha Gaeilge agus Béarla páirt a ghlacadh i dtaighde Scott ach an suirbhé atá sí a reáchtáil ar líne a dhéanamh. Tá an suirbhé ar fáil anseo agus ní mór é a dhéanamh ar ríomhaire deisce nó ríomhaire glúine, ní oibreoidh sé ar fhóin ná ar tháibléid.






