Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Splanc amháin idir an suaimhneas agus an tubaiste

|

Tá beagnach deich mbliana caite agam i mo chónaí sa gCatalóin agus tá mé éirithe cleachta, chomh fada agus is féidir, ar an teas mór a thagann i lár an tsamhraidh.

Dúnann muid na dallóga i rith an lae. Téann muid ó scáth amháin go scáth eile ar an tsráid. Bíonn ár ngadhar ina luí ar na tíleanna fuara agus ní bhíonn mórán fonn ar dhuine ar bith an teach a fhágáil go dtí go mbíonn an ghrian ag dul faoi, mura gá.

Ach ní bhíonn an rogha sin ag chuile dhuine.

Is minic a bhíonn trua agam do na hoibrithe thuas ar na scafaill sa teas uafásach, agus mise ar bhus fuar faoin aerchóiriú, ag taisteal trí lár na cathrach. Is as tuaisceart na hAfraice nó as Meiriceá Theas cuid mhaith acu. ‘Ní thuigeann an sách an seang,’a deirtear sa mbaile, ach is deacair neamhaird a dhéanamh orthu nuair a fheiceann tú an t-allas ag rith leo, iad ag tógáil árasán nach mbeidh sé d’acmhainn acu féin ceann díobh a cheannacht go deo.

Tháinig mé den bhus an lá cheana sa mbruachbhaile ina bhfuil cónaí orainn agus bhuail boladh deataigh mé chomh luath agus a sheas mé ar an tsráid. Chonaic mé uaim trasna an bhaile púir dheataigh ag éirí as áit ina bhfuil árasáin. An raibh baol ar bith go raibh tine foraoise lasta anseo freisin?

Tá imní ag luí sách trom ar dhaoine sa Spáinn na laethanta seo de bharr na dtinte móra atá ag lasadh ar fud na tíre. Faoi lár mhí Iúil, bhí 18 mórthine foraoise tarlaithe de réir fhigiúirí an stáit, níos mó ná dhá oiread an méid a bhí ann sa tréimhse chéanna anuraidh, agus tá tuilleadh tinte móra tar éis tarlú ó shin.

Tá thart ar 50,000 heicteár dóite ag an tine mhór in Ávila, siar ó Mhaidrid, agus tá os cionn 100,000 duine aslonnaithe nó faoi ordú fanacht istigh i gceantair éagsúla den Spáinn. Tá na mílte ina gcodladh in ionaid spóirt phoiblí, gan a fhios acu cén uair a fhéadfaidh siad filleadh, ná cén chuma a bheidh ar a dtithe nuair a fhillfidh siad.

Is furasta do thine tosú anseo sa samhradh, ach ní hé an teas féin a lasann í. Is gnách gur splanc bheag a chuireann tús léi. D’fhéadfadh inneall feirme cloch a bhualadh, d’fhéadfadh locht a bheith ar shreang leictreachais nó toitín a bheith caite amach as carr. Ansin, nuair atá an talamh agus an fásra fíorthirim, an taise íseal agus an ghaoth láidir nó athraitheach, is féidir leis an tine bheag sin breith ar an bhféar agus ar an scrobarnach agus scaipeadh go sciobtha.

Le laethanta beaga anuas tá radharcanna feicthe againn ar na scáileáin anseo a shílfeá a tháinig ó gheataí Ifrinn: tinte fíochmhara ag réabadh trí na coillte, an spéir ina gual dubh agus foirgnimh á slogadh ag an deatach.

Ghlac rialtas na Spáinne ceannas ar an éigeandáil agus tá na mílte duine páirteach san iarracht na tinte a cheansú agus lucht eitleáin agus héileacaptair ag scaoileadh uisce anuas orthu. Tá buíochas ag dul freisin don chúnamh idirnáisiúnta atá faighte ag an Spáinn, go háirithe ó na heitleáin dóiteáin ón nGréig agus ón Iodáil agus na foirne tarrthála ón bPortaingéil.

Bhí an Príomh-Aire Pedro Sánchez le feiceáil freisin agus é ag tabhairt cuairt ar na ceantair atá buailte. Dar leis, tá an Spáinn ag fulaingt go dona ón éigeandáil aeráide, agus tá an ceart aige. Tá an Eoraip ag téamh níos tapúla ná an meán domhanda, tá na tonnta teasa ag tarlú níos minice agus iad níos déine agus tá séasúr na dtinte ag éirí níos faide anseo.

Cúis eile leis ma tinte ná go bhfuil ceantair mhóra faoin tuath sa Spáinn á mbánú le fada. Fágtar talamh feirme gan saothrú, agus fásann féar tirim, scrobarnach agus crainn níos cóngaraí do shráidbhailte agus do thithe. Bhíodh ainmhithe ag innilt na talún agus ag coinneáil an fhéir agus an scrobarnach íseal. Anois, agus an talamh ligthe chun fiántais, tá níos mó ábhar tirim ann do thine. Is minic a thagann an fhoraois chomh fada leis na gairdíní agus na tithe.

Tá fadhb eile ag baint le cuid de na heastáit tithíochta a tógadh ar imeall bhailte na Spáinne ó na 1960idí ar aghaidh. Tógadh cuid acu sular cuireadh na rialacha cosanta tine atá ann anois i bhfeidhm. Bíonn bóithre cúnga agus sráideanna caocha iontu, agus ní bhíonn ach bealach amháin isteach agus amach as cuid acu. Ní bhíonn hiodrant dóiteáin ceart i gcónaí ann ach oiread. Nuair a thagann tine, bíonn na briogáidí dóiteáin ag iarraidh dul isteach ar na bóithre céanna a bhfuil muintir na háite ag iarraidh éalú orthu.

Deir Spáinnigh a bhfuil seanchleachtadh acu ar thinte an tsamhraidh gurb é an boladh an chéad rud a thugann tú faoi deara. D’fhéadfadh an tine a bheith na mílte uait, ach tagann an deatach thar na sléibhte agus titeann luaithreach ar na balcóiní.

Ansin tosaíonn na fóin ag béiceadh le foláirimh éigeandála. Moltar do dhaoine plean éigeandála a bheith acu roimh ré. Ní fiú a bheith ag iarraidh plean a chur le chéile agus an deatach ag teacht isteach trí na fuinneoga.

Anois agus muid ar thairseach mhí Lúnasa, beidh teaghlaigh Éireannacha ar fud na tíre ag pacáil málaí agus ag tabhairt a n-aghaidh ar áiteanna deasa teo, linnte snámha, tránna geala agus páirceanna uisce ar bharr a ngoib ag na gasúir. Tá an Spáinn ar cheann de na tíortha is mó a dtéann Éireannaigh ann ar saoire.

Ní mór do dhaoine a bheith airdeallach sula dtéann siad ann. Ní hé sin le rá gur cheart do dhaoine a gcuid saoire sa Spáinn a chur ar ceal. Is tír ollmhór í agus tá formhór na gcathracha móra agus na gceantar cósta taobh amuigh de na príomhlimistéir atá i mbaol tine.

Ach má tá tú ag fanacht i láthair champála, i dteach tuaithe nó i gceantar sléibhtiúil, ba cheart duit an ceann scríbe agus an bealach chuige a sheiceáil má tá tú ag dul i gcarr.

Lean an treoir a thugann na seirbhísí éigeandála. Má deirtear leat fanacht istigh, fan istigh. Má thugtar ordú aslonnaithe, imigh gan mhoill. Ná tiomáin trí dheatach ná thar bhac bóthair.

Ag tús na míosa seo, maraíodh trí dhuine dhéag i dtine i gcúige Almería. Eachtrannaigh a raibh cónaí orthu sa gceantar ba ea a bhformhór. Fuarthas cuid acu ina gcarranna agus cuid eile taobh amuigh díobh, tar éis dóibh iarracht a dhéanamh éalú ón tine.

Is féidir le hathrú tobann sa ngaoth bealach éalaithe a ghearradh amach taobh istigh de chúpla nóiméad.

Moltar freisin d’fhón a choinneáil luchtaithe agus na foláirimh éigeandála a bheith ar siúl. Agus thar aon rud eile, ná téigh chuig láthair tine le breathnú uirthi ná le físeán a dhéanamh don idirlíon.

Múchadh an tine san árasán gar dúinn go tapa an lá úd a raibh mé ar an mbus, agus d’imigh an deatach as radharc de réir a chéile. Ach d’fhan an boladh san aer tamall ina dhiaidh sin.

Meabhrúchán géar a bhí ann nach mbíonn idir an suaimhneas agus an tubaiste, scaití, ach splanc amháin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta