Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil an seal a chaitheann ábhair oidí ag foghlaim na Gaeilge sa nGaeltacht “i bhfad i bhfad róghearr” agus moladh déanta aige go bhféadfadh siad seimeastar iomlán a chaitheamh ag foghlaim sa nGaeltacht.
Tá imní léirithe go minic faoin gcaighdeán Gaeilge a bhíonn ag múinteoirí a thagann amach as na coláistí oiliúna agus faoi mhúineadh na teanga i scoileanna an stáit.
Luadh an fhadhb arís ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo agus an Coimisinéir Teanga i láthair chun labhairt ar chur i bhfeidhm phlean an rialtais don Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn go raibh ceist na Gaeilge sa gcóras oideachais “ag croílár an dúshláin atá romhainn” maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus comhlíonadh na sprice earcaíochta 20%.
Maidir le caighdeán Gaeilge ábhair oidí, dúirt Ó Concheanainn go raibh taithí aige ar na “dúshláin” a bhíonn ann ó bheith ag obair san earnáil tríú leibhéal. Faoi láthair, caitheann ábhair oidí dhá thréimhse coicíse sa nGaeltacht mar chuid dá gcéim ach dúirt O Concheanainn gur cheart go mbeadh siad tumtha sa teanga níos faide.
“Tá tréimhse coicíse faoi dhó i bhfad i bhfad róghearr leis na dúshláin a shárú,” a dúirt sé.
“Léiríonn an taighde idirnáisiúnta le hinniúlacht a shealbhú in aon sprioctheanga go bhfuil an tumadh teanga chriticiúil. Tá struchtúr na dtréimhsí Gaeltachta ann do na hábhair oidí cheana ach, i mo thuairimse, tá an tréimhse tumadh teanga sa nGaeltacht róghearr.”
Ní amháin go mbainfeadh na mic léinn leas as tréimhse níos faide ó thaobh cúrsaí acadúla, a dúirt sé, ach bheadh gné sóisialta ann chomh maith agus ceangal agus caidreamh níos mó ag na mic léinn leis an nGaeltacht agus leis an bpobal.
Dúirt Ó Concheanainn go gcaithfidh comhaontú a fháil ó na coláistí oiliúna ach go raibh an córas ann cheana féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
“Togra a raibh baint agam féin leis sular tháinig mé ag obair [in Oifig an Choimisinéara Teanga] ná an Erasmus Gaeltachta, áit go raibh deis ag mic léinn fochéime in Ollscoil na Gaillimhe seimeastar iomlán a chaitheamh sa nGaeltacht. “Cén fáth nach bhféadfaí Erasmus Gaeltachta a chur ar fáil do na hábhair oidí?
“Tá an bonneagar ann. Tá infheistíocht ollmhór déanta ag an Stát i mbonneagar na hollscolaíochta Gaeilge sa nGaeltacht le 30 bliain agus is luach maith ar airgead a bheadh ann anois don stát na tréimhsí Gaeltachta do na hábhair oidí a fhadú.”
Dúirt Ó Concheanainn go raibh sé aitheanta cheana féin sa bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge go mbeadh tréimhsí Gaeltachta níos faide mar chuid de chúrsaí tríú leibhéal agus go raibh Roinn na Gaeltachta, an Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais agus an tÚdarás um Ardoideachais le teacht le chéile chun an scéal a phlé. Mar sin féin, dúirt sé nach raibh aon toradh ar sin le feiceáil go fóill.
“Ach an oiread leis an bPlean [Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge]…bheifeá ag súil go mbeadh tuairisc eisithe maidir leis an dul chun cinn in earnáil na hollscolaíochta Gaeilge, maidir leis an bpleanáil náisiúnta agus go mbeadh sonraí suas go dáta ann maidir leis na dúshláin atá ann,” a dúirt Ó Concheanainn.
Dúirt an Coimisinéir Teanga chomh maith go bhfuil súil aige tuarascáil a fhoilsiú sa bhfómhar maidir leis an soláthar oideachais iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
“Tá isteach is amach ar 8% de dhaltaí na tíre ag freastal ar an mbunscolaíocht lán-Ghaeilge in Éirinn. Titeann sé sin go suntasach ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta.
“Tá m’Oifig ag breathnú ar sin agus beidh tuarascáil á fhoilsiú againn sa bhfómhar maidir leis an ráta aistrithe, an titim san ráta aistrithe ón mbunscolaíocht go dtí an iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge.”







