Tá an tOllamh Kevin Murray, ó Roinn na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i measc an 29 ball nua ar glacadh leo in Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tugadh isteach na baill nua mar gheall ar a n-éachtaí in earnálacha na n-eolaíochtaí, na ndaonnachtaí, agus na n-eolaíochtaí sóisialta, chomh maith le daoine a chuir go mór leis an tseirbhís phoiblí.
Toghann baill an Acadaimh Ríoga féin na baill nua mar chomhartha ómóis dá saothar acadúil agus don mhéid a dhéanann siad leis an eolas agus an tsochaí a chur chun cinn.
Tá Kevin Murray ina ollamh leis an tSean-Ghaeilge agus leis an Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá saineolas aige ar scéalaíocht mheánaoiseach na hÉireann. Tá sé ag plé faoi láthair le togra, atá á mhaoiniú ag Taighde Éireann, le heagar a chur ar Acallam na Senórach (Agallamh na Seanórach) – téacs tábhachtach ón 12ú haois ina bhfuil bailiúchán de scéalta Fiannaíochta – na scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna.
Tá Murray ina chomhstiúrthóir ar an Togra Locus le foclóir stairiúil logainmneacha Gaeilge a chur le chéile – The Historical Dictionary of Gaelic Placenames – agus tá sé ina eagarthóir ar an tsraith Cork Studies in Celtic Literatures.
“Is mór an pléisiúr fáilte a chur roimh bhaill nuathofa na bliana seo go hAcadamh Ríoga na hÉireann. Is léiriú ar shaibhreas agus éagsúlacht na scoláireachta agus na seirbhíse poiblí ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin í fairsinge an tsaineolais atá ina measc.
“Táimid ag súil go mór leis an léargas agus an saineolas a thabharfaidh na baill nua seo go hobair an Acadaimh i gcur chun cinn dialóg atá bunaithe ar fhianaise, neamhspleách, agus iontaofa ar fud an oileáin,” a dúirt Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann, an tOllamh Daniel Carey.
Toghadh na baill nua níos luaithe i mbliana, agus ina measc tá Anne Enright, duine de scríbhneoirí móra comhaimseartha na hÉireann agus buaiteoir an Man Booker Prize; Teresa Lambe, a bhí ag obair ar an vacsaín AstraZeneca a dáileadh ar fud an domhain aimsir na paindéime, Brian Ó Gallchóir, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar an athrú aeráide, agus an Príomh-Bhreitheamh Dónal O’Donnell.







