Deir iar-phríomhaistritheoir Thithe an Oireachtais, atá díreach imithe ar scor, nach bhfuil ag éirí leis an stát a chur ar a súile don phobal go bhfuil seirbhísí agus deiseanna ar fáil i nGaeilge.
“Ní dóigh liom gur éirigh leis an stát an meon atá ag formhór den phobal i leith na Gaeilge a athrú,” a deir Vivian Uíbh Eachach, a thug breis is 40 bliain i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais.
“Ní raibh na seirbhísí ar fáil [i nGaeilge] ar feadh na gcéadta blianta faoi na Sasanaigh, agus fágann sé sin a rian ar dhaoine ó ghlúin go glúin.
“Tá sé sin fós ann, agus caithfidh an stát a mhíniú do dhaoine go bhfuil na seirbhísí ann agus deiseanna [fostaíochta] ann freisin.”
Agus é faoi agallamh ag Tuairisc, deir Uíbh Eachach dá mbeadh breis acmhainní ag Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean go n-éireodh leo leagan Gaeilge a sholáthar d’achtanna nach bhfuil fáil orthu ach i mBéarla amháin.
Deir sé dá bhféadfaí an riaráiste aistriúcháin a ghlanadh agus cur le foireann na rannóige, go bhféadfaí tosú ar achtanna a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.
“Bhí éileamh ag roinnt polaiteoirí ar phróiseáil na n-achtanna go dátheangach. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin réadúil faoi láthair, ní féidir linn na riaráistí atá ann a ghlanadh.
“Ach dá bhféadfaí an reachtaíocht a thionscnamh go dátheangach, trí chóras dréachtaithe dátheangach nó ‘córas dréachtaithe agus aistriúcháin, bheadh an téacs i ngach aon chéim den phróiseas [i nGaeilge] agus nuair a bheadh an Bille rite, bheadh sé aistrithe agus ní bheadh aon obair le déanamh.
“Bheadh sé ar fáil mar a bhíonn an Béarla – láithreach. Sin an todhchaí,” a dúirt Uíbh Eachach.
Deir Uíbh Eachach gurb í an fhadhb atá faoi láthair ann nach bhfuil ag éirí leis an stát dóthain daoine a chur ar fáil “chun obair an stáit a dhéanamh”.
Dúirt Uíbh Eachach níos túisce an samhradh seo go raibh easpa aistritheoirí ag cur as chomh mór sin do Thithe an Oireachtais go bhfuil tús áite á thabhairt acu do Ghaeilge a chur ar an reachtaíocht is mó a fhaigheann ‘hits’ ar líne.
Dúirt sé gur ritheadh roinnt billí go dátheangach i gcaitheamh na mblianta ach gur billí iad sin a bhain le cúrsaí teanga amhail Bille Údarás na Gaeltachta a ritheadh le déanaí agus Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2021.
D’fhéadfaí billí eile a rith go dátheangach ach an “dúshlán is mó” faoi láthair ná teacht ar na hacmhainní an riaráiste a ghlanadh.
“Ansin bheadh scenario nua agat agus is féidir tosú ag breathnú ar na féidearthachtaí eile,” a dúirt sé.
Deir sé gur “údar mór díomá” é nár éirigh leis na comórtais earcaíochta a reáchtáladh ó 2018 le tuilleadh aistritheoirí n a mhealladh chuig Rannóg an Aistriúcháin agus go bhfuil an rannóg “ag streachailt ó shin”.
Deir Tithe an Oireachtais go mbaineann dúshlán mór le hearcú aistritheoirí toisc go mbíonn Rannóg an Aistriúcháin in iomaíocht le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.
Bíonn moill mhór ar reachtaíocht a fhoilsiú i nGaeilge agus níl foilsithe go dtí seo ach thart ar 50% den bhreis is 500 acht a dúirt an Ard-Chúirt in 2018 a chaithfeadh Tithe an Oireachtais a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Tá iarrachtaí ar bun ag an Rannóg ó bhí lár na bliana 2018 ann cur le líon na n-aistritheoirí atá fostaithe acu.







