Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Ní saighdiúirí Arm na Breataine a rinne a rinne praiseach de na logainmneacha Ghaeilge’

|

Tá sé in am “dea-cháil na saighdiúirí” a rinne mapáil ar Éirinn sa 19ú haois don tSuirbhéireacht Ordanáis a thabhairt ais  dóibh agus an “tuairim choitianta” gurbh iadsan ba chúis le Galldú na logainmneacha in Éirinn a ‘chur bunoscionn’, dar leis an léarscáilí aitheanta Barry Dalby.

Tá an méid sin le maíomh ag Dalby ina leabhar nua Map Man: Irish Maps and Mapping ina gcuireann sé síos ar a shaol féin mar chartagrafaí agus ar stair na cartagrafaíochta in Éirinn.

Dúirt Dalby gur ‘téama coitianta a tháinig aníos nuair a phléitear logainmneacha na hÉireann’ é gur ‘thruailligh na Brits ár logainmneacha breátha Gaeilge’ agus a rinne “placadh siollaí” díobh.

‘Is é an scéal sainiúil a insítear ná gurbh iad na sapairí, nó saighdiúirí, Sasanacha sa 19ú céad nár thuig focal Gaeilge, a rinne Galldú ar na logainmneacha, agus a rinne praiseach den bhrí a bhí leo’.

‘Leantar leis an scéal agus maítear gurbh é an scoláire mór Éireannach John O’Donovan a cheartaigh an chuid ba mheasa d’obair na saighdiúirí, le cúnamh leithéidí Eoghain Uí Chomhraidhe, agus a shábháil brí na logainmneacha,’ a dúirt Dalby.

Ach mhaígh sé go bhfuil ‘míchlú’ á tharraingt ar na sapairí a rinne obair na Suirbhéireachta Ordanáis agus go raibh na leaganacha a sholáthair siad sin d’oifig na Suirbhéireachta i mBaile Átha Cliath an-ghar don litriú Gaeilge a bheadh ann inniu. Mhaígh sé gur oifigigh de chuid O’Donovan agus na Suirbhéireachta san ardchathair, seachas na saighdiúirí a bhailigh na logainmneacha, a thruailligh an litriú.

‘Léirítear i dtaifeadtaí na sapairí, atá sa Chartlann Náisiúnta, arís agus arís eile go raibh tuiscint acu ar bhunstruchtúr na Gaeilge agus sna háiteanna a ndearna siad Galldú ar na logainmneacha, tá an chuma ar an scéal gur ag cloí le nósanna na háite a bhí siad. Tar éis an tsaoil, d’fhostaigh siad muintir na háite le cabhrú leis an obair agus bheadh na logainmneacha cloiste acu go díreach uathu,’ a dúirt sé.

Tá samplaí ag Dalby ina leabhar do na buntaifeadtaí a rinneadh i nDún na nGall sa bhliain 1835, sa cheantar ina bhfuil an dráma cáiliúil de chuid Brian Friel Translations lonnaithe.

‘Féach an chaoi ar bhreac siad [na logainmneacha]: Sruth na leaca, Lough na mbrick mor, Lough na mbrick geal, Lough na mbin agus araile. Tá siad seo scríofa an-ghar don chaoi a scríobhfaí inniu iad [i nGaeilge]: Sruth na Leaca, Loch na mBric Mór, Loch na mBric Geal, Loch na mBinn agus araile,’ a dúirt Dalby.

Ba iad na daoine a bhí freagrach as na léarscáileanna deireanacha, oifigigh i mBaile Átha Cliath, seachas na saighdiúirí a bhailigh an buneolas ba chúis leis na leaganacha aisteacha Béarla a rinneadh de na logainmneacha Gaeilge, dar leis.

‘Cuirim i gcodarsnacht [na buntaifeadtaí] leis an leagan a foilsíodh ar an léarscáil Sé hOrlaí: san áit ar scríobh na sapairí ‘Lough na mbrick geal’ (Loch na mBric Geal) tá ‘Lough Nabrackgal’ clóite.

‘Tá sé seo amhlaidh tar éis caighdeánú agus coimriú [ar na logainmneacha] a dhéanamh in oifigí [John] O’Donovan agus na Suirbhéireachta Ordanáis i mBaile Átha Cliath. Ní mór an tuairim choitianta a iompú bunoscionn agus tá sé thar am a ndea-cháil a thabhairt ar ais do na sapairí bochta agus a n-obair pháirce,’ a dúirt Dalby.

Dúirt an léarscáilí, atá lonnaithe i gcontae Cheatharlach agus a bhfuil roinnt mhaith léarscáileanna de shléibhte na Gaeltachta cruthaithe aige, go bhfuil sé féin idir dhá chomhairle faoi ‘fhiúntas obair John O’Donovan’.

‘Tríd is tríd, is dóigh gur fearr as muid de bharr a chuid oibre trí chéile, go háirithe a chuid sonraí scríofa agus na sceitseanna de sheanséipéil agus caisleáin sna litreacha OS, ach ní saothar gan locht é’.

‘Maidir leis na logainmneacha, ní dóigh liom go bhféadfadh sé gur bhreathnaigh na daoine a chuireann an argóint [gur shábháil O’Donovan na leaganacha Gaeilge] chun cinn ar na taifeadtaí fairsinge den suirbhé [a rinne na sapairí] atá sa Chartlann Náisiúnta,’ a dúirt Dalby.

Dúirt sé go raibh sé ‘áibhéileach’ a cheapadh gur shiúil O’Donovan bóithríní na hÉireann ag bualadh bleid ar mhuintir na dtithe beaga agus ag lorg leaganacha dlisteanacha de logainmneacha na tíre. [Maítear, scaití, gur leag O’Donovan cos i ngach baile fearainn in Éirinn – tá 61,000 baile fearainn nó mar sin sa tír].

‘Is dócha go ndearna sé roinnt de sin anseo is ansiúd ach ní féidir an cás a dhéanamh go ndearna sé fiosruithe chomh cuimsitheach sin ar fud na tíre. Ar dtús, bheadh sé míphraiticiúil amach is amach mar gheall ar fhairsinge na gceantar a clúdaíodh agus an tréimhse ghearr ama a bhí ann. Fiú le córais iompair agus teicneolaíochtaí an lae inniu, mheilfí an t-uafás ama,’ a dúirt sé.

Mhaígh sé gur dóichí ná a mhalairt gurbh iad na sapairí ‘bochta’ a bhailigh na logainmneacha seachas O’Donovan agus go ndearnadh athbhreithniú ar a n-obair siúd ina chuid oifigí.

‘Ar cheann dá bpríomhchúraimí bhí caighdeánú agus aonfhoirmiú ar fud an tsuirbhé ar fad. Ar ndóigh, fágann caighdeánú agus aonfhoirmiú go ndéantar truailliú de shaghas éigin, mar sin b’fhiú dóibh siúd ar mhaith leo an mhéar a shíneadh breathnú anseo ar dtús,’ a dúirt Dalby.

Bhí próiseas an Ghalldaithe sa tsiúl i bhfad sular thosaigh O’Donovan ná na sapairí ar a gcuid oibre san 19ú céad, a mhaígh an léarscáilí – próiseas a bhí ar siúl ar feadh “na gcéadta blianta roimhe sin”, dar leis.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta