Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Leanfaidh an ardteocht an chuid eile den tseachtain ar a laghad

|

Má tá tú tuirseach den teaspach, ní dea-scéal atá ann duit mar tuilleadh de atá i ndán dúinn agus lucht na haimsire ag tuar go seasfaidh an brothall go dtí an deireadh seachtaine agus isteach sa tseachtain seo chugainn.

Deir Met Éireann go leanfaidh an ardteocht seo an chuid eile den tseachtain agus tá foláireamh buí teochta eisithe ag an tseirbhís don chuid is mó den tír.

Tá foláireamh buí an lae inné fós i bhfeidhm sna sé chontae céanna agus beidh go dtí a seacht a chlog maidin amárach agus an teocht ag bordáil ar 27 céim Celsius in áiteanna. Is iad na contaetha sin Maigh Eo, Gaillimh, an Clár, Luimneach, Ciarraí agus Corcaigh.

Ag meán lae amárach tiocfaidh foláireamh buí ardteochta eile i bhfeidhm agus seasfaidh an ceann sin go dtí a 6.00 maidin Dé hAoine agus cuid mhór den tír i gceist – an dá chúige, Mumhain agus Connachta ar fad, chomh maith le naoi gcontae eile i mbolg na tíre – an Cabhán, an Iarmhí, Longfort, Uíbh Fhailí, Laois, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Cill Dara agus Dún na nGall.

Tá ordú caomhnaithe uisce eisithe i mBaile Átha Cliath ar fad chomh maith le ceantair i gcúig chontae eile – Tiobraid Árann Theas, Loch Garman, Cill Dara, Cill Mhantáin agus an Mhí. Cuireann an t-ordú seo cosc ar phíobáin uisce a úsáid amuigh faoin aer chun aon rud a uisciú ná a níochán murar cuid den ghnó é in iarracht an t-uisce sna taiscumair a spáráil.

Tiocfaidh an t-ordú seo i bhfeidhm nóiméad i ndiaidh an mheán oíche Déardaoin agus seasfaidh sé sé seachtaine go dtí meán oíche an 26 Lúnasa.

Cuireann Met Éireann fainic orainn faoin gcontúirt a bhaineann leis an teocht ard seo nach bhfuiltear ina cleachtadh agus luann siad strus teasa, loscadh foraoise agus triomach. Agus 15 céim ar a laghad á lua leis an oíche ní róchompordach an codladh a dhéanfaidh daoine agus ba chóir a bheith san airdeall ar aon duine nach bhfuil ar fónamh.

Ina dtuairiscí deir lucht na haimsire go mbeidh an bruth teasa seo linn ag an deireadh seachtaine agus isteach sa tseachtain seo chugainn. Deir siad go bhféadfadh go mbeadh stoirmeacha toirní in áiteanna amárach agus Déardaoin.

Brothall atá romhainn arís amárach agus an teocht idir 24 agus 30 céim Celsius sa gcuid is mó den tír ach go bhféadfadh an leoithne mheasartha anoir nó anoir aduaidh fuarú beag a thabhairt go dtí an t-oirthear agus an t-oirthuaisceart.

Deirtear linn go bhfuil an chosúlacht air faoi láthair go bhféadfadh múraíl throm agus stoirmeacha toirní a bheith i gcúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht san iarnóin agus tráthnóna amárach.

D’fhéadfadh corrchith a bheith san iardheisceart Déardaoin ach seachas sin triomach is grian atá á ghealladh agus teocht idir 24 agus 29 céim forleathan.

Níl aon athrú á thuar don Aoine, grian is teas agus an teocht fós ard, idir 24 agus 29 céim.

Deireadh seachtaine gréine is brothaill atá romhainn uilig agus an teocht idir 22 agus 26 céim Celsius.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta