Tá an t-amhránaí cáiliúil Glen Hansard ar shlí na fírinne.
Bhí sé 56 bliain d’aois.
Maraíodh Hansard, a bhain cáil amach leis an mbanna The Frames agus a bhuaigh Oscar, i dtimpiste ghluaisrothair go moch maidin inniu sna Ceapóga Sú Talún i mBaile Átha Cliath.
Dheimhnigh na Gardaí gur cuireadh cóir leighis air ar an láthair agus gur fógraíodh marbh é go gairid ina dhiaidh sin.
Bhain Hansard cáil amach i dtús na nóchaidí leis an mbanna The Frames agus mar gheall ar an bpáirt a bhí aige sa scannán The Commitments. Mhéadaigh ar a cháil de thoradh a róil sa scannán neamhspleách Once.
Bhuaigh ‘Falling Slowly’ ceann de na hamhráin a scríobh sé le Markéta Irglová don scannán sin, gradam Oscar.
Bhí ceangal mór aige le Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus cairde móra aige ann, go háirithe muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc.
Tugadh léargas sa scannán Camino an tSáile ar thuras a thug sé le Danny Mac Síthigh, scríbhneoir, agus Breanndán Ó Beaglaoich, ceoltóir, agus criú an Naomh Gobnait ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostela sa Spáinn.
Ag labhairt dó faoin turas farraige sa Naomh Gobnait, dúirt Hansard gur rud é “a d’athraigh a shaol”.
Chuireadh sé an clár ceoil Other Voices i láthair ón Daingean.
Rugadh Glen Hansard i mBaile Munna i dtuaisceart Bhaile Atha Cliath ar an 21 Aibreán 1970. Chuir sé an-spéis sa cheol ó bhí sé ina ghasúr agus ba bheag an spéis a bhí aige sa scolaíocht. Agus é 13 bliana d’aois, d’fhág sé an scoil ar chomhairle a mhúinteora agus thosaigh sé ag buscáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.
Chaith sé cúig bliana ag saothrú a choda ar shráideanna na hardchathrach. Nuair a bhí sé i ndeireadh na ndéaga, rinne sé taifeadadh samplach dá chuid amhrán féin. Chuaigh an diosca i bhfeidhm ar an léiritheoir ceoil Denny Cordell agus shínigh Hansard conradh leis an lipéad Island Records.
Thug sé roinnt buscálaithe agus ceoltóirí eile ó Bhaile Átha Cliath le chéile leis an mbanna ceoil The Frames a dhéanamh agus eisíodh a gcéad albam Another Love Song i 1992. Ainmníodh an banna as na frámaí rothar a bhí ar fud a ghairdín sa bhaile. Chuir The Frames ocht n-albam amach, ina measc Fitzcaraldo, Dance the Devil agus Burn the Maps. I measc na n-amhrán is mó acu tá ‘Revelate’, ‘Star Star’, ‘Seven Day Mile’, ‘Lay me down’ agus ‘Fake’.
A fhad is a bhí sé ag casadh ceoil le The Frames, fuair sé páirt Outspan Foster sa scannán The Commitments. Moladh Hansard as a thaispeántas sa scannán ach bheartaigh sé gan bacadh leis an aisteoireacht agus díriú ar a chuid ceoil.
D’éirigh go maith le The Frames, ní hamháin in Éirinn ach sna Stáit Aontaithe freisin i gcaitheamh na 1990idí agus na luath-2000idí. Agus an ceathrú halbam curtha amach ag an mbanna, iarradh ar Hansard a bheith ina láithreoir ar an gclár teilifíse ceoil Other Voices: Songs from a Room.
Tháinig sé le chéile le Markéta Irglová, ceoltóir as an tSeicia, in 2006 faoin ainm The Swell Season. Chuir siad a gcéad albam amach The Swell Season an bhliain chéanna agus scríobh siad an ceol don scannán Once. Bhí sé féin agus Irglová ina n-aisteoirí sa scannán céanna agus bhuaigh siad gradam Oscar don amhrán ‘Falling Slowly’ ó fhuaimrian an scannáin. Thaifead an bheirt leagan Gaeilge den amhrán – ‘Grá dom’ Leonadh’ – don albam Ceol ‘09.
Rinneadh ceoldráma den scannán in 2011 agus bronnadh ocht ngradam Tony agus gradam Olivier air. Tháinig The Swell Season le chéile arís anuraidh leis an albam Forward a chur amach.
Sa bhliain 2012, d’eisigh Hansard a chéad albam aonair – Rhythm and Repose. Chuir sé ceithre albam eile dá chuid féin amach ó shin: Didn’t He Ramble (2015), Between Two Shores (2018), The Wild Willing (2019), agus All That Was East Is West of Me Now (2023). Bhí amhrán eile dá chuid, ‘Take the Heartland’, sa scannán The Hunger Games.
D’oibríodh sé as lámha a chéile le ceoltóirí móra amhail Eddie Vedder, Deasy, agus Olivia Vedder, agus rinne sé ceolchoirmeacha leis an Los Angeles Philharmonic Orchestra.







