Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta comhdháil idirnáisiúnta faoin Intleacht Shaorga a reáchtáil i nGaillimh an geimhreadh seo, i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus le hIonad Taighde ADAPT i gColáiste na Tríonóide.
Díreofar sa chomhdháil ‘Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i Ré na hIntleachta Saorga: Éagsúlacht Teanga agus Ceannasacht Dhigiteach a Thabhairt Slán’ ar theangacha atá gann ó thaobh acmhainní de agus an teicneolaíocht dhigiteach.
Beidh an chomhdháil á reáchtáil i mí na Samhna i gcontae na Gaillimhe mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Agus é ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary go dtabharfaidh an chomhdháil le chéile lucht déanta polasaithe, lucht taighde, eagraíochtaí teanga, agus ionadaithe ó earnáil na teicneolaíochta “leis na deiseanna agus na dúshláin atá roimh theangacha atá gann ó thaobh acmhainní de” sa timpeallacht dhigiteach a phlé.
D’fhógair príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, anuraidh go raibh sé i gceist ag an eagraíocht an chomhdháil a reáchtáil.
Dúirt sé an uair sin gur fágadh an Ghaeilge ar an trá fholamh ag tús na mílaoise nuair a tháinig forbairtí móra ar an idirlíon den chéad uair agus go dteastaíonn ó Údarás na Gaeltachta “teacht roimh” an gcéad tonn eile i réabhlóid na teicneolaíochta.
Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas le huirlisí intleachta saorga a fhorbairt don Ghaeilge agus creideann an eagraíocht forbartha go láidir gur féidir leis an teicneolaíocht nua an-leas a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Deirtear i bplean an Údaráis Uirlisí IS don Ghaeilge – Deiseanna agus Dúshláin gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán ar líne sa teanga. Aithnítear sa phlean go mbainfidh dúshlán leis na mórchomhlachtaí IS a spreagadh chun tacú leis an nGaeilge.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomhdháil atá beartaithe do mhí na Samhna lorgtha ag Tuairisc ón Údarás agus ón Roinn.







