Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Clib mhonatóireachta le caitheamh ag Marine Le Pen ach is féidir léi seasamh don uachtaránacht

|

Tá cúirt achomhairc sa bhFrainc tar éis seasamh le ciontú Marine Le Pen i gcúbláil chistí maoinithe pharlaimint na hEorpa⁠ ach laghdaigh an chúirt an tréimhse a bhí curtha ar Le Pen sula mbeadh cead aici phost tofa.

D’fhéadfadh cinneadh seo na cúirte achomhairc bealach a thabhairt do Le Pen le rith i dtoghchán Uachtaránachta 2027 mar cheannaire lucht na fíordheise.

Cor eile a bhain leis an mbreith is ea cinneadh na cúirte trí bliana príosúin a ghearradh ar Le Pen, péire acu ar fionraí agus bliain eile agus clib leictreonach monatóireachta i bhfostú dá rúitín.

D’fhágfadh an chlib sin ar a rúitín go ngabhfadh dian uirthi go polaitiúil agus go praiticiúil feachtas a rith agus dúirt sí roimhe seo go mbeadh doicheall uirthi pianbhreith a chur di agus monatóireacht leictreonach á déanamh uirthi.

Sa Mhárta seo caite a chuir cúirt níos íochtaraí cosc cúig bliana ar Le Pen ó aon oifig phoiblí de bharr gur ciontaíodh í i gcúbláil airgid Pharlaimint na hEorpa. Cuireadh ceithre bliana príosúin uirthi, péire acu ar fionraí agus clib leictreonach uirthi sa mbaile ar feadh an dá bhliain eile.

Fuarthas Marine Le Pen agus 24 duine eile – iarfheisirí Eorpacha, cúntóirí agus cuntasóirí – chomh maith leis an bpáirtí féin, ciontach as córas a bheith i bhfeidhm acu faoina bhféadfaí airgead Pharlaimint na hEorpa a úsáid chun foireann a fhostú sa bhFrainc dá bpáirtí féin, an Rassemblement National.

Faoi láthair tá sí féin agus a páirtí Rassemblement National chun cinn sna pobalbhreitheanna. I dtoghchán uachtaránachta 2022, bhí sí sa tríú háit agus in 2017 agus in 2022, fuair Macron an ceann is fearr uirthi sna toghcháin réitigh.

Iníon le Jean-Marie Le Pen, a bhunaigh an Front National, páirtí fíordheise, is ea Marine Le Pen.

Ghlac sise ceannas ar an bpáirtí in 2011 agus ceithre bliana ina dhiaidh sin chaith sí hathair amach as an bpáirtí de bharr caint ghríosaitheach a bheith ar siúl aige, cuid di gur “mionsonra staire” a bhí san Uileloscadh.

Athraíodh ainm an Front National in 2018 agus tugadh an Slógadh Náisiúnta nó Rassemblement National air ach níor athraíodh an polasaí láidir in aghaidh na hinimirce agus in aghaidh an Aontais Eorpaigh.

D’éirigh Marine Le Pen as ceannaireacht na pháirtí in 2022 agus tháinig Jordan Bardella ina háit.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta